Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus Cultúrlann Uí Chanáin i mbaol

Chuir Foras na Gaeilge tús le próiseas comhairliúcháin chun tuairimí an phobail a lorg faoin mhaoiniú atá á chur ar fáil acu d’ionaid Ghaeilge sa tír le déanaí.

Faoi láthair tá Foras na Gaeilge ag cur £223,000 de mhaoiniú i dtreo Chultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste agus Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire achan bhliain.

Ceann de roghanna an chomhairliúcháin ná go gcuirfí £50,000 ar uasmhéid ar fáil d’ionaid Ghaeilge ó thuaidh agus ó dheas.

Mar sin bheadh ciorruithe le déanamh ar mhaoiniú an dá Chultúrlann ó thuaidh.

Laghdú iomlán in 2018 nó laghdú thar trí bliana atá mar chuid de mholtaí an Fhorais sa chomhairliúchán poiblí.

Labhair Meon Eile le Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seán Ó Coinn.


Laghdú de 50% ar mhaoiniú a bheadh i ndán do Chultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Faoi láthair, tá an Chultúrlann ag fáil £100,000 in aghaidh na bliana ó Fhoras na Gaeilge.

Íocann maoiniú an Fhorais as trí phost sa Chultúrlann agus as an chíos.

Deir foireann na Cultúrlainne go bhfuil siad i mbaol a druidte.

Labhair Meon Eile le cuid den fhoireann agus le bunaitheoirí Chultúrlann McAdam Ó Fiaich.


Laghdú de 60% ar mhaoiniú na Cultúrlainne i nDoire atá mar cheann de mholtaí próisis chomhairliúcháin Fhoras na Gaeilge.

Braitheann 4 phost agus costais reatha Chultúrlann Uí Chanáin ar an £123,000 a fhaigheann siad in aghaidh na bliana faoi láthair.

Labhair Meon Eile le foireann agus le pobal Chultúrlann Uí Chanáin faoi chomhairliúchán an Fhorais agus an baol atá ann go mbeidh orthu a ndoirse a dhruidim.


Tá Sinn Féin anois tar éis cruinniú a lorg le Foras na Gaeilge chun an próiseas comhairliúchán atá beartaithe acu chun an bealach is fearr maoiniú a chur ar fáil d'ionaid Ghaeilge sa tír a phlé leo.

Close
Close