'Cultúr Club' seolta do pháistí thar sáile


Sheol Príomh-aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh TD, 'Cultúr Club' ar na mallaibh i dTeach Uíbh Eachach de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath.

Is sraith de leabhráin ghníomhaíochta Ghaeilge agus chultúir do pháistí an diaspóra é 'Cultúr Club'.

Is de bharr comhoibriú idir Conradh na Gaeilge, An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a cuireadh an tsraith de leabhráin le chéile.

Tá na leabhair dírithe ar pháistí idir 6 agus 16 bliana d'aois agus tá scéimeanna píolótacha 'Cultúr Club' á reachtáil ag an Chonradh san Astráil, sa Nua-Shéalainn agus sa Ríocht Aontaithe.

Bhain daltaí Choláiste Naomh Aindrias sult as an cheol agus as an cheardlann peannaireachta a bhí ar siúl mar chuid den seoladh.

Is féidir tuilleadh eolais faoi 'Cultúr Club' a fháil anseo.

Close
Close