Cothrom na Féinne dár nOibrithe Sláinte

An 18 Nollag chuaigh altraí agus oibrithe sláinte ar stailc i dtuaisceart na hÉireann den chéad uair agus iad ag éileamh cothromaíochta i gcúrsaí pá. Ba léir gan mhoill an tionchar a bhí ag na stailceanna seo fud fad na Sé Chontae agus na céadta coinne curtha ar ceal dá ndeasca. 

Seachtain go leith ó shin, chuaigh an Tionól ag Stormont ar ais chun na hoibre i ndiaidh trí bliana de shos agus níl aon dabht ach gur imir stailc na n-altraí agus na n-oibrithe sláinte ról lárnach i gcinneadh seo na n-ionadaithe tofa.

Mar chuid den Chomhaontú dar teideal New Decade, New Approach, gealladh cothromaíocht i gcúrsaí pá d'oibrithe sláinte anseo, rud a chiallaíonn go bhfaighidh siad an pá céanna is atá ag a macasamhail i Sasana.

Tá sé ráite sa cháipéis: “The Executive will: immediately settle the ongoing pay dispute; introduce a new action plan on waiting times; and deliver reforms on health and social care”.

Ceapadh Robin Swann, iarcheannaire an UUP, ina Aire Sláinte nua sa Tionól agus is cinnte gur aisean a bheidh an brú sa tréimhse seo romhainn.

Ar a bharr sin, tá éiginnteacht áirithe ann faoin fhoclaíocht sa Chomhaontú agus ní fios cá fhad a mhairfidh an próiseas, cá háit a dtiocfaidh an t-airgead ná an mbeidh iarphá i gceist leis an socrú nua. Ar aon dóigh, tá sé fógartha ag roinnt de na ceardchumainn go bhfuil deireadh anois lena stailceanna.

Bhí Meon Eile i láthair ag an stailc dheireannach de chuid an cheardchumainn Unison taobh amuigh d'Ospidéal Ríoga Victoria le cúrsaí a phlé leis an phobal...

Close
Close