Conspóid faoi Facebook beo ach cad faoi na hardáin ar líne eile?

Tá sé tugtha le fios ag an chomhlacht Facebook go bhfuil siad le 3,000 duine breise a fhostú as seo go ceann bliana le monatóireachta a dhéanamh ar ábhar míchlú agus contúirteach a chuirtear ar a suíomh idirlín.

Tháinig seo i ndiaidh gur foilsíodh físeáin bheo de dhúnmharuithe agus de dhaoine ag cur lámh ina mbás féin ar Facebook le gairid.

Chomh maith leis seo tá físeáin fhoréigneacha á n-uaslódáil ar an suíomh ar bhonn rialta, físeáin nach bhfuil fóirsteanach do dhaoine faoi 18 mbliana d’aois ach físeáin nach féidir a sheachaint.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Facebook, Mark Zuckerberg, go mbeidh na hoibrithe nua ann le tacú leis an 4,500 oibrí atá ag déanamh monatóireachta ar an suíomh cheana féin.

Is réiteach gearrthréimhseach atá ann, arsa Zuckerberg.

Dúirt sé fosta go bhfuil sé mar sprioc ag Facebook teicneolaíocht úr a fhorbairt sa dóigh is nach mbeidh cead ábhar míchlú a uaslodáil sa chéad dul síos.

Ach ní bhaineann an fhadhb seo le Facebook amháin is cosúil. 


Close
Close