Comhionnanas Pósta sa Tuaisceart


Sa bhliain 2005, ba é Tuaisceart na hÉireann an chéad áit sa Ríocht Aontaithe le páirtnéireachtaí sibhialta a chur i bhfeidhm. Ón lá sin i leith bhí an phobal aerach anseo ag troid le cearta pósta iomlána a fháil.

Idir 2012 agus 2015, eagraíodh cúig vótail sa Tionól maidir le comhionnanas pósta a thabhairt isteach agus cé gur éirigh leis an vóta ar an 5ú huair, d’úsáid an DUP an achainí ar bhonn ábhar buartha chun cosc a chur leis.

Mar gheall ar an reifreann ó dheas sa bhliain 2015, bhí Amnesty International spreagtha chun troid níos láidre a reáchtáil ar son comhionnanas pósta don phobal LADT+ sa Tuaisceart agus tháinig siad le chéile le grúpaí éagsúla chun an feachtas 'Love Equality' a chruthú a bheadh iomlán dírithe ar na cearta seo a bhaint amach.

Nuair a cliseadh ar an Tionól trí bliana ó shin, chinn an dream ó Love Equality dul go Westminster leis an fheachtas.

D'éirigh leo agus an 13 Eanáir i mbliana tháinig dlí nua isteach a cheadaíonn an pósadh comhghnéis ó thuaidh. Beidh ar gach lánúin clárú 28 lá roimh an bhainis, mar sin táthar ag súil leis na chéad phóstaí sa phobal LADT+ thart fá Lá Fhéile Vailintín.

Ón lá sin ar aghaidh, beidh baill ón phobal LADT+ abálta pósadh go dleathach.

Bhuail Meon Eile le Patrick Corrigan ó Love Equailty le caint faoin obair uilig atá deánta acu go dtí seo agus an obair atá go fóill le dheánamh.

Bhuail muid le beirt ón phobal LADT+, Aideen Hand agus Conall Mac Corraidh, le tuairimí s’acu a fháil ar an ré stairiúl seo.

Thig leat tuilleadh eolas a fháil ar an obair a dheánann Love Equailty anseo.

Close
Close