Cóisireacht na mac léinn tríú leibhéal agus baol COVID

 coláistí tríú leibhéal fud fad na tíre i ndiaidh filleadh ar ranganna le coicís anuas ach ní ar an bhealach céanna le bliain ar bith eile riamh. Labhair Meon Eile le beirt mac léann ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoina dtuairimí ar an chóisireacht atá i ndiaidh titim amach ó tháinig na mic léinn ar ais chun na cathrach.  

Tá Aimée Ní Chonaing den bharúil go bhfuil grúpa áirithe mac léann freagrach as na drochghníomhartha seo agus go bhfuil neart díobh ag cloí le srianta na hollscoile agus an rialtais. Dar léi gur daoine fásta iad na mic léinn agus go bhfuil a fhios acu na contúirtí a bhaineann leis an víreas. Deir sí, áfach, go gcaithfear cuid den locht a chur ar an rialtas agus ar na polaiteoirí áitiúla chomh maith toisc go bhfuair siad réidh leis na srianta a bhí ar thithe tábhairne i nGaillimh an tseachtain chéanna a tháinig na mic léinn ar ais. Is ábhar measa atá i gceist leis seo ar fad fosta, dar le hAimée, tá muid ar fad freagrach as meas a léiriú dóibh siúd atá buartha agus thíos leis an víreas. 

Luann Barry Ó Siochrú an ról a bhí ag an ollscoil maidir leis an chóisireacht a tharla ag an Phóirse Caoch ar na mallaibh. Tá Barry den bharúil go raibh sé intuartha go dtarlódh an chóisireacht toisc gur cuireadh léachtaí, cumainn shóisialta agus neart eile ar ceal do na mic léinn ach gur dhúirt an ollscoil leo bogadh chun na Gaillimhe cibé. Deir sé go gcaithfidh an ollscoil rudaí eile a chur ar fáil do mhic léinn ionas nach mbeidh fonn orthu dul amach agus na srianta a bhriseadh. Thiocfadh leis na cumainn níos mó a reachtáil ar líne dá dtabharfadh an ollscoil airgead dóibh, a deir Barry.  

Is cinnte gur tréimhse aisteach í seo do mhac léann ar bith agus iad ag toiseacht ar ais ar an choláiste nó ag cur tús leis an choláiste i mbliana. Más mac léann thú atá buartha faoi na srianta, is féidir tuilleadh eolais a fháil amach anseo, ar shuíomh Aontas na Mac Léann, a chuireann nuacht ar fáil maidir leis an víreas agus na hollscoileanna go minic.

Close
Close