'Margadh Cathrach': cloch mhíle bainte amach ag Doire le pacáiste airgeadais nua

Ag tús na míosa seo fógraíodh 'Margadh Cathrach', pacáiste airgeadais dar luach £250 milliún, do Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin. Beidh an t-airgead seo ag dul i dtreo tionscadáil éagsúla a chuideoidh le fás agus forbairt an cheantair. 

Tá muintir Dhoire ag troid ar son ollscoil neamhspleach le breis agus 50 bliain anuas agus an chathair thíos le dífhostaíocht agus easpa maoinithe ón rialtas. Mar chuid den mhargadh seo, beidh scoil leighis agus ionad taighde de chuid Ollscoil Uladh lonnaithe i nDoire. Táthar ag dúil go gcruthóidh seo postanna ní hamháin sna hionaid iad féin ach sa chathair ar an iomlán le gnólachtaí a mheallach chun na cathrach agus daoine le freastal ar an lucht léinn fosta.

Cuirfear maoiniú ar fáil leis an athnuacháin a dhéanamh ar an cheantar cois Feabhail agus cuirfear £50 milliún ar fáil don tSrath Bán le hathghiniúint a dhéanamh i lár an bhaile. 

Is Oifigeach Gaeilge le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantair an tSratha Bain é Pól Ó Frighil agus is léachtóir é Dr Malachy Ó Néill le hOllscoil Uladh. Labhair siad le Meon Eile faoin mhargadh seo agus na deiseanna nua a chothóidh sé do mhuintir na cathrach.

Close
Close