Ceoltóirí Loch Lao dóchasach faoin Fhleadh

Tá ceoltóirí Loch Lao dóchasach go mbeidh ráchairt leo agus iad ag tarraingt ar chomórtaisí Fhleadh Cheoil na hÉireann an deireadh seachtaine seo.

Tá ceoltóirí Bhéal Feirste i ndiaidh cáiliú i dtrí chomórtas éagsúla, faoi 12, 12-15 agus 15-18. Bíonn 100 ceoltóir óga gníomhach sa chumann go rialta.

Ach seo an chéad uair ar cháiligh trí ghrúpa ó chumann na Ceathrún Gaeltachta don Fhleadh náisiúnta. Tá lucht eagraithe na Fleidhe ag dúil go bhfillfidh 250,000 duine ar bhaile Shligigh d’imeacht na bliana seo.

Chaith Meon Eile oíche i gcuideachta Cheoltóirí Loch Lao nuair a bhí siad i mbun cleachtaithe do chomórtais mhóra an deireadh seachtaine agus labhair muid leo faoin aistear atá déanta acu óna mbunú.

Ceoltóirí Loch Laoi san iomaíocht ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2015
Close
Close