Reáchtáil Conradh na Gaeilge comhdháil trítheangach le linn Fhéile na gCeart Daonna sa MAC i mBéal Feirste an tseachtain seo caite.
Tháinig painéal de shaineolaithe le chéile do ‘Cearta Teanga, Cearta Daonna’ chun ceist na Gaeilge agus cearta teanga a phlé i gcomhthéacs na gceart daonna.
Labhair Nicola Browne, Stiúrthóir ‘Participation and the Practice of Rights’ agus Daniel Holder, Leas-Stiúrthóir ‘Committee on the Administration of Justice’ ar chur i bhfeidhm chearta daonna anseo agus thar lear.
Labhair Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, agus Feargal Mac Ionnrachtaigh, Stiúrthóir ar Ghlór na Móna i mBéal Feirste, faoi chearta teanga do phobal na Gaeilge agus an easpa cearta atá ann ó Thuaidh maidir leis an teanga.
Bhí Jamie Bevan ón eagraíocht ‘Cymdeithas yr Iaith Gymraeg’ a oibríonn ar son cearta Breatnaise i láthair fosta agus a chuid cainte dírithe ar na deá-chleachtais atá ar siúl sa Bhreatain Bheag ó thaobh cúrsaí teanga de.
Bhí Meon Eile i láthair ar an lá agus seo blaiseadh de chaint na comhdhála.