Cairt Frithchiníochais seolta ag Fóram na nGael

Seoladh Cairt Frithchiníochais ag Gael-Ionad Mhic Goill in Iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh.

Breis is bliain ó shin, tháinig Fóram na nGael, gréasán de na grúpaí pobail Gaeilge i mBéal Feirste, le chéile agus iad buartha faoi mhuinín nua na heite deise agus faoin dóigh a raibh siad ag baint mí-úsáid as cultúr agus féiniúlacht na hÉireann le hionsaithe a dhéanamh ar na daoine is laige sa tsochaí, teifigh nó imircigh cuir i gcás.

Mar fhreagra air sin, cheap Fóram na nGael agus a gcairde go raibh dualgas orthu mar phobal Gaeilge agus Gaelach, pobal atá oscailte, cineálta agus fáilteach, go raibh dualgas orthu a rá nach seasann siad dá leithéid, agus go seasann siad i ndlúthpháirtíocht i gcónaí leis na teifigh agus leis na himircigh.

Beartaíodh ar chéimeanna praiticiúla a ghlacadh le chéile lena léiriú gur pobal fáilteach ilchultúrtha atá i mBéal Feirste.

Seoladh an chairt trí Ghaeilge, mar aon le neart teangacha eile agus is féidir é a léamh i nGaeilge anseo.

Má tá suim ag duine ar bith clárú leis an Chairt Frithchiníochais nó tuilleadh eolais a fháil is féidir teagmháil a dhéanamh le hUachtáran Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, trí ríomhphost ag [email protected]

Close
Close