Cad is brí le saor agus Gaelach in 2016?

Sheol an tAire Stáit um Ghnóthaí Gaeltachta Joe Mc Hugh agus Michael McDowell, garmhac Eoin Mhic Néill, Clár Chomóradh 2016 Chonradh na Gaeilge go hoifigiúil i gColáiste na Tríonóide oíche Luain, mar chuid den snáithe An Teanga Bheo de chuid Chlár Comórtha Éire 2016.

Chuir Conradh na Gaeilge, i gcomhpháirt le hOifig na Gaeilge, TCD, tús leis an chéad díospóireacht sa tsraith sheimineár ‘Plé ’16’ ar an oíche fosta.

Rinneadh plé ar an cheist ‘Cad is brí le Saor agus Gaelach in 2016’, ceist spreagtha ag ráiteas cáiliúil de chuid Phádraig Mhic Phiarais, inar mhol sé go mbeadh Éire “Ní hamháin saor ach Gaelach. Ní amháin Gaelach ach saor.”

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is mór ag Conradh na Gaeilge an deis tús a chur leis an gcomhrá nua ar athbheochan na Gaeilge agus Éirí Amach na Cásca le seoladh na sraithe de sheimineáir Plé ’16 i suíomh chomh stairiúil leis seo i gColáiste na Tríonóide, trasna an bhóthair ón teach inar rugadh na Piarsaigh.”

I measc na gcainteoirí bhí, An tOllamh Eunan O’Halpin, An tOllamh Allan I. MacInnes, An Dr Chris McGimpsey, Íte Ní Chionnaith, An Ceart-Oirmhinneach Michael Burrows, agus Mary Harris.

Comóradh 2016 Chonradh na Gaeilge seolta...
Close
Close