Cad atá roimh an SDLP i 2014?

Cad atá roimh an SDLP i 2014?

Ciarán Dunbar

“We get a completely ridiculous ideological obsession with academic selection and an outdated class-warfare hatred of grammar schools” – Leascheannaire an SDLP, Dolores Kelly, Dé Máirt 12 Samhain 2013.

Ráiteas láidir a ba é sin. Shílfeadh duine go dtacaíonn an SDLP le roghnú acadúil agus tá ar a laghad blas den mheánaicmeachas ann.

Bhí sé dírithe ar ndóigh ar chéile comhraic Dolores Kelly i dtoghcheantar na Banna Uachtaraí, an tAire Oideachais John O’Dowd, Sinn Féin.

Ach is é lom na fírinne gurb é polasaí an SDLP ná; “Academic selection at age eleven is educationally unsound and socially unjust. The SDLP supports the decision to abolish the 11+, however the Minister of Education must introduce compromise proposals on a way forward.”

Is é le rá, go han-bhunúsach, gurb ionann polasaí an SDLP ar an ábhar agus polasaí Shinn Féin, ach go mbeadh cur chuige difriúil acu dá mbeadh an aireacht acu féin, d’ainneoin gur léir nach n-aontaíonn an mheánaicme Chaitliceach leis an seasamh sin.

Ach léiríonn sé sin deacracht atá ag an SDLP – tá siad ag iarraidh an polasaí forásach a bhrú chun cinn ach ag iarraidh an vóta meánaicmeach a thabhairt slán ag an am céanna.

Léiríonn sé, leis, teaictic atá á húsáid ag an SDLP le tamall – atá an-éifeachtach sa ghearrthréimhse ach gur féidir a bheith tubaisteach san fhadtréimhse – is é sin iarracht a dhéanamh bheith ar an dá thaobh den argóint i gcónaí.

Mar shampla, ag léamh Twitter le linn chainteanna Haass, rith sé liom go raibh sé thar a bheith aisteach go raibh polaiteoirí ón SDLP agus tacadóirí an pháirtí ag cáineadh an phróisis agus na bpolaiteoirí páirteach ann – cé go raibh an SDLP páirteach sna cainteanna céanna.

Mar an gcéanna leis an Fheidhmeannas, b’fhurasta smaoineamh go bhfuil an SDLP sa fhreasúra ag léamh comhráití ar líne agus ráitis ó pholaiteoirí ach ar ndóigh ní hamhlaidh atá.

An meánaicmeachas

I dtuairisc rúnda a sceitheadh leis na meáin i mí na Samhna anuraidh dúradh go bhfuil an páirtí ag teacht i dtír ar a gcáil, go bhfuil siad ró-bhogásach agus go bhfuil siad sáite sa stair.

Tuairisc a choimisiúnaigh an páirtí féin ab é seo agus le bheith cothrom – bhí sé bunaithe ar thuairimí daoine nach vótálann don pháirtí faoi láthair, ach daoine a gcaithfidh siad iad a mhealladh ar ais.

Léirigh an tuairisc go smaoiníonn go leor náisiúntóirí nach páirtí a bhaineann le hathrú nó le difear iad an SDLP ach atá ina fhórsa “coimeádach” agus “féinchúiseach.”

Bhí go leor tagairtí ann sa tuairisc gur shíl daoine gur páirtí meánaicmeach atá ann sa SDLP.

Tháinig Ball Tionóil an SDLP Colum Eastwood amach go láidir i gcoinne na tuairisce – ró-láidir b’fhéidir agus cheap go leor tráchtairí go raibh an t-agallamh a rinne sé ar BBC Raidió Uladh mar gheall air bocht go leor agus ró-chosanta.

“The talk about us being a middle class party is nonsense,” a dúirt sé.

Ach is creideamh forleathan sa phobal náisiúnach é sin agus caithfear an cheist a chur – an drochrud é a bheith meánaicmeach?

Ach níorbh aon rud nua é an tuairisc sin.

Tháinig sé chun solais sa bhliain úr i bpáipéir stáit de chuid na Breataine ó 1983 a scaoileadh faoin riail 30 bliana go raibh Rialtas na Breataine buartha go dtitfeadh vóta an SDLP i gcomparáid le Sinn Féin.

“[T]he SDLP are seen as rather middle-class, middle-aged and out of touch with the community,” a scríobhadh ann.

Fiú i 2000, agus é ag tagairt do thuairisc inmheánach, dúirt Séamus Mallon, leascheannaire an SDLP ag an am, go raibh an páirtí “ró-thuirseach agus ró-mheánaicmeach”.

Cad a deir na baill?

Labhair mé le beirt Ghaeilgeoir aitheanta sa SDLP, Doiminic Ó Brollacháin agus Diarmuid Mac Aindreis.

Is Ball Tionóil é Doiminic Ó Brollacháin (Dominic Bradley mar atá aithne air sa Tionól) don Iúr agus Ard Mhacha agus is é urlabhra an pháirtí ar chúrsaí Gaeilge é.

Mac léinn óg as Doire é Diarmuid Mac Aindreis (aithne níos fearr air mar Dermot Henderson) agus is iarrthóir é sa toghchán áitiúil don Mhóinteán (The Moor) i nDoire.

“Chuaigh mé leis an SDLP timpeall 30 bliain ó shin toisc gur cheap mé go raibh an léamh ab fhearr ag an pháirtí ar chúrsaí polaitiúla sa tír seo agus sílim go ndearna an SDLP éacht na páirtithe eile thuaidh agus theas, rialtas na Breataine, polaiteoirí Mheiriceá agus na hEorpa a mhealladh chuig an anailís sin,” a deir Doiminic Ó Brollacháin.

Aontaíonn Diarmuid leis. “Thacaigh mé leis an SDLP mar gheall ar na hiarrachtaí ó thaobh John Hume i rith an phróisis síochána,” a deir sé.

Ach sin an stair – cad é aidhm an SDLP inniu mar sin?

Tá Doiminic Ó Brollacháin soiléir gan amhras. “Tá aidhm an SDLP mar an gcéanna anois agus a bhí sé ó bunaíodh an páirtí – Éire a athaontú go síochánta trí athmhuintearas a chothú i measc phobal uile na hÉireann.

“Is léir go bhfuil an aidhm sin anois ag páirtithe eile nach raibh ar aon intinn leis an SDLP san am a chuaigh thart agus is léiriú é sin ar chumhacht argóintí agus ar chumas pholaiteoirí an pháirtí i gcaitheamh na mblianta,” a deir sé.

“Nuair a bunaíodh an SDLP sa bhliain 1970, bhí sé soiléir gurbh í an tsíocháin an aidhm is mó i rith na dTrioblóidí,” a deir Diarmuid, arís ag déanamh tagartha do chúinsí stairiúla ach maidir leis an lá atá inniu ann creideann sé go bhfuil an páirtí “ag obair i Stormont, i Westminster agus ar na sráideanna ar son mhuintir na hÉireann ar shaincheisteanna – comhionannas, ceartas sóisialta agus an geilleagar.”

Gan dabht is í an cheist is mó don pháirtí ná an féidir leo vótálaithe a bhaint ar ais ó Shinn Féin agus conas?

“Sílim go dtig leis an SDLP vótaí a mhealladh ar ais ó Shinn Féin,” a deir Doiminic.

“Beidh an cheannasaíocht a chuireann muid ar fáil agus an obair a dhéanann muid ‘ar an talamh’ iontach tábhachtach sa chomhthéacs áirithe seo.”

Tá Diarmuid muiníneach chomh maith. “I mo bharúil féin,” a deir sé, “thiocfadh linn vótaí a fháil de thalamh Shinn Féin mar a rinne muid riamh.

“Tá sé tábhachtach bheith gníomhach agus amuigh ar na sráideanna ag caint le daoine faoi gach sórt fadhb, sin é an rún chun ratha,” dar leis.

Tuillte nó gan a bheith tuillte, tá clú na Gaeilge ar Shinn Féin ach an gcuireann an SDLP a dhóthain béime ar an Ghaeilge?

Ní nach ionadh tá Doiminic cinnte go gcuireann siad an-bhéim ar an teanga “mar is léir do dhuine ar bith a chuireann spéis san obair a bhíonn ar siúl [aige] féin mar urlabhraí an pháirtí ar an teanga”.

“Aithníonn na heagraíochtaí Gaeilge ar fud na tíre an t-ionchur atá againn sna mór-pholasaithe a bhaineann leis an teanga, thuaidh agus theas.

“Dhear mé féin bille cuimsitheach don Ghaeilge sa Tuaisceart bunaithe ar éilimh Pobal. Is léir nach bhfuil dóthain tacaíochta ann san am i láthair don bhille ach tá comharthaí dóchais ann go bhfuil glacadh níos forleithne ann don teanga taobh amuigh den tacaíocht thraidisiúnta a bhíonn aici agus bheinnse dóchasach go mbeidh toradh fiúntach air sin san am atá romhainn.”

Ba chúis náire an tuairisc inmheánach a sceitheadh anuraidh, cén barúil atá ag Doiminic agus Diarmuid air?

“Mar thuairisc phríobháideach, tá sé an-phoiblí… le bheith dáiríre, bím giota beag buartha nuair a fheicim scéalta mar sin. Sin ráite, tugann sé spreagadh dom tuarascálacha a fheiceáil ón SDLP iad féin,” a admhaíonn Diarmuid.

“Tá sé soiléir a fheiceáil go dtuigeann an páirtí go bhfuil fadhb ann agus tá siad ag obair chun é a shocrú. Deirtear go bhfuil an SDLP ró-shean agus ró-mheánaicmeach ach níl seo fíor i mo bharúil féin.

“Mar mhac léinn óg ó chúlra lucht oibre sa Chreagán i nDoire, níl an ráiteas seo fíor ar chor ar bith,” a deir sé.

“Is é mo bharúil go gcruthaíonn an obair seo go bhfuil an SDLP sásta dul i measc an phobail, éisteacht lena bhfuil a rá acu, agus beart a dhéanamh dá réir,” a deir Doiminic.

Cén fáth a vótálfadh duine óg don SDLP mar sin?

“Tuigeann daoine óga nach bhfuil sean-mhúnla an phoblachtánachais oiriúnach a thuilleadh agus go raibh agus go bhfuil poblactánachas an SDLP i bhfad Éireann níos fóirsteanaí don saol a bhfuil muid beo ann anois,” a fhreagraíonn Doiminic gan aon agó.

Focal Scoir

Mothaím go bhfuil lucht an SDLP ar an talamh lán muiníne agus trodach.

Is léir go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach don SDLP a chruthú nach páirtí do na meánaicmí amháin iad ach léiríonn an fhianaise gurb í sin an tuairim atá ag an phobal i gcoitinne.

Mar sin féin, ní gá gur fadhb í sin ann féin – seans gurb é an síor-shéanadh an fhíor-fhadhb?

Cosúil le gach páirtí polaitiúil, ní ghlacann an SDLP le cáineadh go maith ach má tá ‘coimpléacs géarleanúna’ ag Sinn Féin, mothaím go bhfuil ‘coimpléacs uaisleachta’ ag an SDLP.

Ní léir é ag caint le polaiteoirí tofa de chuid an pháirtí, ach ag caint le lucht tacaíochta an pháirtí, títear dom nach féidir leo a chreidbheáil go bhfuil Sinn Féin chun tosaigh orthu go fóill – cúrsaí aicme agus oideachais taobh thiar de.

Bheadh orthu foghlaim conas é a chur laistiar díobh sula bhféidir leo dul i ngleic leis an fhadhb.

Tá go leor déanta ag ceannaire an SDLP Alasdair McDonnell sa pháirtí chun a chinntiú nach n-éireoidh an bhearna idir an SDLP agus Sinn Féin níos fairsinge, cé nach féidir a mhaíomh go n-éiríonn go maith leis sna meáin.

Creidim go mbeidh deireadh leis an lobhadh agus go seasfaidh an SDLP an fód sa dá thoghchán seo. Ní dóigh liom go dtitfidh vóta an SDLP mórán eile.

An féidir leis an SDLP teacht aniar go dtí an áit ina raibh siad – ní dócha é ag an phointe seo ACH bhí droch-bhliain ag Sinn Féin agus ag ceannaire an pháirtí Gerry Adams, mar sin tá deis ann.

Tá scair mhaith den phobal ó thuaidh nach vótálfadh do Shinn Féin choíche mar gheall ar fheachtas an IRA, mar gheall ar pholasaithe agus mar gheall ar chúrsaí aicme.

Maidir leis an todhchaí ina dhiaidh sin, braitheann sé sin ar cén páirtí náisiúnach a n-éiríonn leis na daoine óga is tallannaí a mhealladh agus ar cé chomh maith is a éireoidh leis an réitímis-le-chéile-achas agus an fhéiniúlacht Thuaisceart-Éireannach atá á cothú ag fórsaí taobh amuigh de thionchar na bpolaiteoirí áitiúla.

Close
Close