Cás na Palaistíne á ardú i mBéal Feirste

Cás na Palaistíne á ardú i mBéal Feirste

Eagraíodh an chéad Fhéile Ealaíne de chuid na Palaistíne i mBéal Feirste an mhí seo le haird a tharraingt ar chás mhuintir na Palaistíne agus le hairgead a thiomsú do thograí carthannachta agus do thionscadail slándála sa tír.

D’eagraigh grúpa gníomhaithe an Fhéile ionas go mbeadh siad ábalta go leor airgid a thiomsú le mionbhus a cheannach le dul amach ann agus le hearraí a thabhairt a fhad leis na campaí dídeanaithe sa Liobáin.

Deir David Callender, Eagraí na Féile, go bhfuil rudaí chomh holc sa Phalaistín agus a bhí riamh.

D’fhreastal Meon Eile ar thaispeántas Mohammed Hassona, fear óg 21 bliain d’aois arb as Gaza ó dhúchas dó, le linn na féile.

Seo chugaibh scéal na Palaistíne faoi láthair agus scéal na ngníomhaíthe Gaelacha atá i mbun oibre ann.

Palaistín
Close
Close