Bród Bhéal Feirste 2014

Bhí Dé Sathairn ar cheann de na laethanta is fluiche a bhí againn i mbliana ach bhí go leor boghanna báistí le feiceáil i mBéal Feirste. Cé go raibh achan duine fluich baite, bhí atmaisféar ar dóigh ann leis na mílte ag ceiliúradh ‘Bród Bhéal Feirste’, Meon Eile san áireamh…

Ghlac thart ar 50,000 duine páirt sa pharáid anuraidh agus bhí thart ar an méid céanna daoine i láthair i mbliana. Bhí Cathaoirleach Fhéile Bhród Bhéal Feirste, Seán Ó Néill, iontach sásta leis an tacaíocht a fuair siad, go háirithe agus an aimsir chomh holc sin.

Ag labhairt leis dúirt sé, “cé go raibh a lán spraoi agus spóirt leis an fhéile, bhí sí bunaithe ar chearta phobal LADT agus cothrom na Féinne, rud dar nach bhfuil ag pobal LADT go fóill”.

Bhí Ardmhéara Bhéal Feirste, Nichola Mallon, i latháir ar an lá chomh maith.

Dúirt sí go raibh sé “tábhachtach go mbeidh a macasamháil i láthair le tacaíocht a thabhairt don phobal LADT chun sochaí chothrom a chrúthú anseo i mBéal Feirste”.

ach bhfuil ag éirí linn sochaí cothrom a chrúthú?

Sna sé chontae níl cead ag lánúineacha aonghnéasascha pósadh go dleathach.

Cuireadh rún os comhair Stormont i mí Aibreáin ag iarraidh go mbeadh cead ag lánúineacha aonghnéasascha pósadh ach dhiúltaigh siad don rún don 3ú uair taobh istigh de 18 mí.

Chomh maith leis sin níl cead ag lánúineacha aonghnéasascha páistí a uchtú agus níl cead acu fuil a dheonú ach an oiread.

Is cinnte le cúpla le bliain anuas tá dul chun cinn déanta ar chearta phobal LADT ar fud an domhain ach níl mórán athrú ar an scéal go fóill anseo sna Sé Chondae.

'Bród Bhéal Feirste 2014'
Close
Close