Bliain na mBrat - Buaiteoirí agus Cailliúnaithe

Bliain na mBrat - Buaiteoirí agus Cailliúnaithe

Bliain ar aghaidh ón vóta a chuir tús le bliain na mbrat, amharcann Ciarán Dunbar siar ar na cailliúnaithe agus ar na buaiteoirí sa bhliain chinniúnach seo.

CAILLIÚNAITHE

Na ‘fleg protestors’

Más beag an dochar a rinne siad Dé Sathairn, ba lú a dtionchar arís – níor bhailigh ach na céadta dílseoirí i lár Bhéal Feirste ag an deireadh seachtaine, ní 10,000 mar a bhí beartaithe acu.

Bliain anois ó glacadh an vóta faoi brat na Breataine taobh amuigh de Halla na Cathrach, tá dílseoirí fós ag leanúint lena n-agóidí ach tá an neart imithe astu, fiú más glórach i gcónaí na hurlabhraithe atá chun tosaigh iontu.

Tá sé geallta ag na hagóideoirí dílseacha go leanfaidh siad ar aghaidh lena n-agóidí go dtí go mbeidh brat na Breataine ar foluain arís os comhair Halla na Cathrach, 24/7, 365 lá sa bhliain.

Ach tuigeann an duine is lú tuigbheála ar an pholaitíocht acu nach bhfuil sé sin ag dul a tharlú ach amháin sa chás go mbainfidh aontachtóirí móramh amach ar an chomhairle.

Is beag an baol go dtarlóidh sé sin arís go deo.

Jim Allister agus an TUV

Ní dhearna an TUV an dul chun cinn a mbeinn ag súil leis – bhí deis den scoith acu tacaíocht a fháil ó dhílseoirí ach theip orthu sin a dhéanamh.

Cáineann Jim Allister ‘scéimhleoireacht’ mar a thuigeann sé féin é, dílseoirí san áireamh – deir na ‘Loyalist Peaceful Protestors’ nach bhfuil aon bhaint acu le paraimíleataigh ach ní chreideann duine ar bith iad.

Tá dlúthbhaint idir iad féin agus íospartaigh na dtríoblóidí – ar an taobh aontachtach agus Ann Travers. Agus is beag an bhaint atá idir dílseoirí agus na daoine seo dáiríre. Lucht na bhfórsaí slándála den chuid is mó iad siúd.

Mar sin de, níor éirigh leis an TUV aon dul chun a dhéanamh i measc na n-agóideoirí. Sin an t-aon deis a bheas acu caillte mar sin.

An UDA

Ghabh an UVF an spotsholas ar fad agus tá an UDA fágtha gan ‘ról’ – chomh maith leis sin tá sé scoilte chomh mór sin go dtí an pointe nárbh fhéidir le duine a rá go bhfuil ‘eagraíocht’ ann níos mó.

Gaeilgeoirí

Ach níl aon ábhar ceiliúrtha ag náisiúntóirí mar sin féin, chuir an cinneadh chun cur isteach ar an bhrat tús le cainteanna Haass – agus is ionann is cinnte dar liomsa go dtabharfaidh na cainteanna sin bua éigin d’aontachtóirí chun iad a chur ar a suaimhneas arís tar éis na bliana corraí a bhí againn, bliain na mbrat.

Mar shampla, is suimiúil nach bhfuil ceachtar den dá pháirtí náisiúnacha ag leagan aon bhéim ar an Ghaeilge.

Tairngrím féin go n-íocfaidh Gaeilgeoirí praghas dochrach daor as cainteanna Haass agus go ndéanfaidh siad an-dochar don teanga.

Ar an drochuair, tá cothrom na féinne á íobairt ar mhaithe le ‘community relations’ agus níl sampla níos fearr ná an Ghaeilge féin – níl aon bhá ag tionscadal na gceart daonna don teanga.

Tuigeann an SDLP nach bhfuil aon áit beartaithe sa ‘todhchaí roinnte’ do na Gaeil agus níl Sinn Féin sásta aon phraghas polaitiúil a íoc mar gheall ar an teanga – mar nach bhfuil go leor vótaí ann.

Tuigeann siad go rímhaith nach ngéillfidh aontachtóirí oiread is orlach ar an cheist agus nach mbíonn orthu ach cuma lag is amaideach agus ceist na Gaeilge tarraingthe os comhair na meán ag na haontachtóirí.

Agus tabhair faoi deara an dóigh a bhfuil Sinn Féin an-chiúin ar cheist na Gaeilge le tamall anuas. Fiú ó dheas is beag an bhéim a leagtar ar an Ghaeilge seachas iarrachtaí Trevor Uí Chlocharthaigh agus Pheadair Tóibín – deir foinsí sa pháirtí liom go bhfuil an cheannaireacht buartha go mbeadh cuma ‘niche party’ orthu dá leagfadh siad béim ar an teanga.

An SDLP

Má fhiafraíonn tú de SDLPach cén chúis atá leis an SDLP, tabharfaidh sé/sí freagra cuimsitheach duit. Nuair a mhíníonn tú dó / di nach dtuigeann tú an freagra, tagann corraí orthu. Sin an bhunfhadhb leis an pháirtí agus chlis orthu plé leis i mbliana.

Theip orthu a thoiseacht a dh’éiseacht le daoine agus níor éirigh le hAlasdair McDonnell ról a aimsiú dá pháirtí agus teachtaireacht shoiléir a fhorbairt.

Bhí go leor sa pháirtí ag cur a ndóchais i gConall McDevitt ach léirigh sé nach raibh a chroí sa pholaitíocht i ndáirire.

Sinn Féin

Cé gur dhírigh neart na meán ar fad ar Gerry Adams le bliain anuas, tá sé ansin go fóill.

Ach is cinnte go gcuireann an tsiar-fheachtasaíocht ina choinne bac ar iarrachtaí Shinn Féin dul chun cinn a dhéanamh, ach níl duine ar bith eile sa pháirtí ábalta jab s’aige a ghlacadh ná baol air.

Mar sin de, tá Sinn Féin san fhaopach leis an cheann seo.

BUAITEOIRÍ

Jamie Bryson

Bheadh sé suarach gan an diagaire agus smaointeoir polaitiúil dílseach Jamie Bryson a lua.

Is féidir le duine caitheamh anuas ar Bryson agus is furasta a bheith ag gaire faoi – ach d’éirigh leis é féin a bhrú chun tosaigh os comhair na meán agus tá sé ag baint an-sult as.

Tá 4,832 leantóirí ag Jamie Bryson ar Twitter!

Ach an bhfuil sé faoi thionchar ag daoine nach léir dúinn faoi láthair? Sin an cheist, i mo thuairim féin. Agus tá go deimhin an freagra.

Tá Bryson gar do smaointeoireacht an UVF i ndeireadh na dála.

Ardmhéara Bhéal Feirste – Máirtín Ó Muilleoir

Níl Máirtín cosúil le haon bhall eile do Shinn Féin, tá sé dílis don pháirtí ach neamhspleách ar chaoi nach bhfuil éinne eile ann – cuireann sé sin in iúl domsa go bhfuil cairde cumhachtacha aige agus tacaíocht ón iar-bhall parlaiminte do Bhéal Feirste Thiar aige.

Tá go leor déanta ag Ó Muilleoir le bliain anuas agus go leor droichead tógtha aige leis an phobal aontachtach. Tá meas ag an phobal i gcoitinne ar Mháirtín agus is cumarsáideoir den scoith é.

Is léir go bhfuil an Muilleoireach ag feidhmiú i bhfad faoina ghrád páighe mar a deir an ceann eile.

Is suimiúil liom nár fhág Máirtín an Ghaeilge ar leataobh ar an turas seo mar a d’fhág go leor eile agus nár chaill daoine a ndúil ann dá bharr.

Insíonn sé sin domsa go mbíonn meas ag daoine ort má tá meas agat ort féin is ar do chultúr – ní féidir a bheith ag súil go mbeidh meas ag daoine ar do theanga muna bhfuil meas agat féin uirthi.

Tá Máirtín Ó Muilleoir ar dhuine de na Sinn Féinigh is mó ó thaobh próifíle de le bliain anuas seachas Gerry Adams.

Tá mé ag dul a scaoileadh rúin – tá sé ar intinn agam geall a chur air.

Bheinn den tuairim gurb é Máirtín Ó Muilleoir an chéad Uachtarán eile a bheas ar Shinn Féin.

Má thosnaíonn Sinn Féin ag ardú próifíl Mháirtín Uí Mhuilleoir ó dheas – beidh a fhios agam go bhfuil an ceart agam.

An UVF

Fuair an UVF amach gur féidir leo cibé cad é rud a ba mhaith leo a dhéanamh agus nach gcuirfidh duine ar bith isteach orthu dá bharr – drongachas faoi lán seoil acu faoi láthair agus cead a gcinn acu sin a dhéanamh.

Mar fhocal scoir.

Uime sin tá gearrliosta againn do bhuaiteoir na bliana gearrtha siar go Máirtín Ó Muilleoir, Jamie Bryson agus an UVF.

Ligfidh mé daoibh vótáil ar an cheist mar sin a léitheoirí.

Close
Close