Bille na dTeangacha Oifigiúla á phlé ag Céim an Choiste i dTithe an Oireachtais

Tá Bille na dTeangacha Oifigiúla á phlé ag Céim an Choiste i dTithe an Oireachtais faoi láthair.

308 leasú a bhí molta ag Teachtaí Dála ar an bhille a dhéanfaidh leasú ar an Acht Teanga oifigiúil, ach tá breis is 90 de na leasuithe sin díchéadaithe cheana féin, a bhformhór mar gheall go gcuirfidís costas breise ar an Stát.

Ina measc an 90 leasú sin, leasú ar mhaithe le ceangal a chur ar eagraíochtaí stáit méid áirithe fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge, tá sin curtha as an áireamh.

Ná níor glacadh leis an leasú inar moladh go mbeadh seirbhísí uile an Stáit ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht faoin bhliain 2025 ach an oiread.

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh reachtaíocht láidir, intomhaiste agus uaillmhianach a chuirfidh seirbhísí sásúla as Gaeilge ar fáil do phobal na Gaeilge agus don Ghaeltacht den chéad uair ó bunaíodh an Stát ó dheas.

Tá siad anois ag éileamh ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta teagmháil a dhéanamh leis na hAirí agus leis na Teachtaí Dála atá ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge, le hiad a mhealladh chun na moltaí maidir le cinnteacht de sheirbhísí as Gaeilge sa Ghaeltacht, spriocanna earcaíochta Gaeilge san earnáil phoiblí, agus go leor eile a bheith san áireamh san Acht ag an deireadh.

Labhair Meon Eile le Ard-Runaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, ar na mallaibh agus seo a bhí le rá aige i leith na ceiste...

Close
Close