Bigil síochána ar son na Palaistíne ag Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste

Inniu tá tuairisc speisialta againn i gcomhar le Luke Butterly ó The Detail faoin bhigil síochána mhíosúil a bhíonn ar siúl ag Cairde Palestine ag Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste.

Thig leat an tuairisc ó The Detail a léamh anseo.

Ar an dara Domhnach de gach mí, tagann Cairde Palestine le chéile ar 2i.n. ag timpeallán an aerfoirt, sa Gharrán Fearnóige, faoi choinne bigil síochána agus le cur in aghaidh na n-eitleán cogaidh a thagann fríd an aerfort, ó SAM go háirithe, agus a théann chomh fada le hIosrael go minic.

Bíonn bigil den chineál chéanna ar siúl ag an am chéanna ag Aerfort na Sionainne i gContae an Chláir fosta.

Tá Colette Ansell, atá bainteach le Veterans for Peace Ireland ó 2023, gníomhach in Cairde Palestine chomh maith. Freastalaíonn Colette ar an bhigil mhíosúil agus bíonn cuid mhór oibre agus taighde á dhéanamh aici chun na heitleáin mhílteata a rianú agus a bpatrúin ghluaiseachta a thaifeadadh agus a aithint.

D'fhreastail Meon Eile ar bhigil síochána an Gharráin Fearnóige i mí Lúnasa agus bhí an deis againn labhairt le Padaí de Cléir atá ina bhall de Cairde Palestine le dhá bhliain anuas.

Beidh an chéad bhigil eile ar siúl an 12 Deireadh Fómhair agus beidh fáilte roimh gach duine páirt a ghlacadh ann le tacaíocht agus dlúthpháirtíocht a léiriú don Phalaistín. Is féidir Cairde Palestine a leanúint ar Twitter, Facebook agus Instagram

Chur Rialtas na hAlban cosc ar airgead poiblí a chur ar fáil do chomhlachtaí arm as Albain a easpórtálann a gcuid earraí go hIosrael. Chuaigh The Detail i dteagmáil le Roinn Geilleagair an Tuaiscirt lena fhiosrú an bhfuil sé i gceist ag an Fheidhmeannas an rud céanna a dhéanamh. Seo thíos an ráiteas a cuireadh ar fáil:

A spokesperson for the Department for the Economy said: “Invest NI does not support projects that supply arms to Israel. The Minister has also asked officials for analysis of recent developments in Scotland.”

Buíochas le Caitriona Ní Ghribín as amhrán s'aici, 'Amhrán na Reabhlóide', a chur ar fáil dúinn don fhíseán seo. Is féidir éisteacht leis ar Spotify anseo.

Close
Close