Beo: Gaelach agus Bródúil san Ardchathair

Bhailigh na mílte duine i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn faoi choinne phríomhimeacht Bhliain na Gaeilge, 'Beo - Gaelach & Bródúil'.

Aidhm an lae ná bród don Ghaeilge a léiriú le mórshiúl fríd an ardchathair a chríochnaigh i gCearnóg Mhuirfean, áit a raibh siamsaíocht bheo agus an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn i measc na n-aíonna.

Thaistil Gaeil ó fud fad na tíre chun ceiliúradh a dhéanamh ar a dteanga agus cultúr agus bhí ionadaíocht ann ó chuid de na feachtais reatha amhail Acht na Gaeilge agus seasamh ar son na Gaeltachta.

Bhí Meon Eile i láthair chun blaiseadh a fháil den fhéile sráide.

Close
Close