Beagnach 100 gníomh ar son na Gaeilge i bplean RTÉ

Beagnach 100 gníomh ar son na Gaeilge i bplean RTÉ

Tá chóir a bheith céad gníomh éagsúla bainteach le cur chun cinn na Gaeilge curtha ag RTÉ rompu féin ina bplean teanga, a seoladh ar maidin i gColáiste na Tríonóide.

I measc na ngníomh atá luaite sa phlean nua, déanfar tráchtaireacht i nGaeilge ar chluichí ceannais Chraobh na hÉireann ag tosú ón Domhnach seo. Scrúdófar féidearthachtaí do sheirbhís nua raidió Ghaeilge do dhaoine óga fosta. Cuirfear tús le feasacháin nuachta dátheangacha ar RTÉ 2fm agus déanfar úsáid na teanga a threisiú i bhfeasacháin teilifíse, leanúnachais agus aimsire.

Tá sé ráite sa phlean go mbunófar Ionad Barr Feabhais i gcomhpháirt le hOllscoil na hÉireann Gaillimh le hoiliúint a chur ar fáil sna meáin chumarsáide Ghaeilge agus go gcuirfear ábhar digiteach ar fáil d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ar líne.

Ba é príomhstiúrthóir RTÉ, Noel Curran, a sheol an plean gníomhaíochta straitéiseach 2015-2019 agus plean teanga na seirbhíse i gcuideachta an Taoisigh Enda Kenny inniu.

“Tá muid ag gealladh go gcuirfear an Ghaeilge i gceartlár na hoibre, go ndéanfar gnáthrud den Ghaeilge in ábhar cláir agus le linn imeachtaí agus go leathnófar dá húsáid ar fud na meán digiteach agus na meán sóisialta,” arsa príomhstiúrthóir na seirbhíse.

Tugadh le fios sa phlean go bhfuil sa bhreis ar €20 milliún a chaitheamh ag RTÉ ar sheirbhísí agus ábhar Ghaeilge in aghaidh na bliana.

Deir Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, go bhfuil RTÉ ag féachaint le cur leis an méid Gaeilge a bhíonn ar sheirbhísí teilifíse agus raidió RTÉ agus, trí chomhpháirtíochtaí, le hábhar oideachais breise a chur ar fáil chomh maith.

Labhair Meon Eile le Grúpcheannasaí RTÉ faoi na gníomhaíochtaí atá curtha ag an tseirbhís rompu féin agus na hábhair chasaoide a bhíodh ag Gaeilgeoirí áirithe i leith na seirbhíse…

Agallamh le Rónán Mac Con Iomaire

Gníomhanna suntasacha i gcúraimí raidió

  • Beidh cúig cinn d’fheasacháin nuachta dátheangacha ar bhuille na huaire ar 2FM idir 7 ar maidin agus 7 tráthnóna.
  • Cuirfear amhráin Ghaeilge ar liosta seinnte 2FM agus déanfaidh an stáisiún albam Gaeilge, ar a mbeidh amhráin le ceoltóirí móra le rá, a chur le chéile agus a sheoladh.
  • Déanfar tástáil phílótach ar thionscal trascríbhneoireachta ar líne dírithe ar léiriúchán raidió i gcomhpháirt le hOllscoil Uladh.
  • Cruthóidh RTÉ RnaG comhpháirtíocht le Raidió na Life maidir le hábhar a roinnt eatarthu.
  • Forbrófar aip faoi leith do sheirbhís Raidió na Gaeltachta agus cuirfear ‘i bhfeidhm straitéis íomhánna nua-aimseartha do RnaG’.

Gníomhanna suntasacha i gcúraimí teilifíse

  • Déanfar Rannóg na gClár Gaeilge a fhorbairt ina rannóg lánaimseartha in athuair.
  • Beidh rogha ann éisteacht le tráchtaireacht i nGaeilge do chluichí ceannais Chraobh na hÉireann.
  • Fisrófar roghanna maidir le fotheidil Ghaeilge leis na hardáin éagsúla teilifíse ag tosú le Saorview.
  • Déanfar cur chuige Seachtain na Gaeilge a shníomh isteach ar bhonn níos minicí.

Gníomhanna suntasacha ar líne

  • Beidh an chéad leagan eile den sheinnteoir RTÉ Player ar fáil i nGaeilge.
  • Tógfar suíomh idirlíon nua Gaeilge mar phointe lárnach d’aschur digiteach.
  • Cruthófar ról do Chomhordaitheoir ar Ábhar Digiteach do dhuine a bhéas freagach as eagarthóireacht Ghaeilge, foilsitheoireacht agus na meáin shóisialta.
  • Forbrófar cúrsa Gaeilge ar líne do thosaitheoirí agus do chainteoirí ar mhian leo barr feabhais a chur ar a nGaeilge le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh.

Gnéithe suntasacha eile sa Phlean Gníomhaíochtaí Meáin

  • Forbrófar lárionad barr feabhais maidir le hoiliúint sna meáin chumarsáide Ghaeilge le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh.
  • Déanfar cartlann RnaG a chur ar fáil don phobal trí thionscadail chartlainne Gaeilge a bhunú.
  • Go stairiúil, ba ar bhonn neamhspleach a d’fheidhmigh príomhsheirbhísí Gaeilge RTÉ idir Raidió na Gaeltachta, Nuacht agus Cláracha teilifíse Gaeilge – faoin chur chuige nua tabharfar deis d’fhostaithe na seirbhíse obair thrasthionscnaimh a dhéanamh.
Close
Close