Na coláistí samhraidh Gaeltachta i mbaol

Cé nach bhfuil cinneadh oifigiúil déanta go fóill, glactar leis nach leanfar leis na cúrsaí samhraidh sna coláistí Gaeltachta i mbliana. Cruthóidh sé seo géarchéim sna ceantair Ghaeltachta agus iad ag brath go mór ar thurasóireacht le linn an tsamhraidh. 

Bhí cruinniú ag an Choiste Gnó de chuid Chonradh na Gaeilge ar na mallaibh chun tionchar COVID-19 ar shaol na Gaeilge a phlé.

Labhair Meon Eile le Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, faoi na himpleachtaí a bhaineann leis an ghéarchéim do mhuintir na Gaeltachta agus do stádas na Gaeilge ar fud na tíre. 

Labhair muid le Conchobhar Mac Giolla Bhríde atá ina phríomhoide ar Choláiste Bhun an Inbhir faoin tionchar a bheas ar fhoireann na gcoláistí chomh maith leis na mná tí agus daltaí scoile a théann chun na Gaeltachta achan bhliain chun blaiseadh beag a fháil de shaibhreas an chultúir sa Ghaeltacht. 

Close
Close