Athneartú faoin Ghàidhlig in Alba Nua Cheanada

Is beag duine a chuirfeadh i do choinne dá ndéarfá gur sa chuid seo den chruinne amháin atá cainteoirí dúcháis na dteangacha Ceilteacha. Ach bheadh dul amú ort ar ndóigh mar go bhfuil pobal Gàidhlig ag cur fúthu in Albain Nua ar chósta thoir Cheanada. Timpeall 300 cainteoir dúchais atá sa dúiche de réir an daonáirimh agus 2,000 duine ag foghlaim na Gàidhlig.

Inniu, tá léargas againn daoibh ar staid na Gàidhlig i gCeanada le Goiridh Dòmhnullach atá fostaithe ag Rialtas na hAlban Nua leis an teanga a chur chun cinn. Tháinig Goiridh ar cuairt chuig oifig Meon Eile ar na maillibh le linn dó a bheith ar thuras oibre i mBéal Feirste. Labhair sé linn i nGaeilge s’againne faoina chuid oibre, faoi staid na Gàidhlig in Albain Nua agus faoi na tionscnaimh atá faoi lámha acu leis an teanga a neartú arís…

Gaedhilg san Alban Úr

Borradh ag teacht sna sála ar mheath fadalach

Thriall na míllte imirceach ó Gharbhchríocha na hAlban chuig Albn Nua Cheanda san ochtú céad déag, 25,000 cainteoir Gàidhlig ina measc. Lean siad leo ag labhairt a dteanga féin ach tháinig meath uirthi le himeacht na gcianta.

In 1995, tosaigh scoileanna áirithe in Albain Nua ag cur Gàidhlig ar fáil mar chroí-ábhar scoile. Ó shin, ta an teanga curtha ar fáil ag meánscoileanna agus Ollscoilleanna sa réigiún.

Léirigh staidéar rialtais in 2002 gur fiú €23.5 milliún an teanga do gheilleagar an cheantair. Áiríodh go raibh beagnach 380,000 duine ag triall ar os cionn 2,000 imeachtaí Gàidhilg le tamall de bhlianta anuas.

In 2006, bhunaigh Rialtas na hAlban Nua oifig Iomairtean na Gàidhlig le teanga agus cultúr na nGael a chothú agus a chaomhnú. Tá 24 eagraíocht agus sé institiúid ag obair i gcomphairtíocht leis an Rialtas le Gàidhlig a chur chun cinn. Níl aitheantas reachtúil ag an Ghàidhlig in ainneoin bhorradh na foghlamtha.

Close
Close