Ceist na Gaeilge agus Buiséad 2018

D'fhógair an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an tseachtain seo go dtiocfadh ardú €2.5 milliún ar chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2018.

€62.6 milliún atá curtha ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin i mbuiséad 2018, méadú €1.9 milliún - nó 3% - ar bhuiséad 2017, ní 2.5 milliún mar a fograíodh.

Tabharfar €14.028 milliún de sin d'Fhoras na Gaeilge, agus €7 milliún de chaiteachas caipitil a bheas ag Údarás na Gaeltachta.

€1.4m breise a fógraíodh chun tacú leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh de.

€400,000 de mhaoiniú breise a bheidh ag Údarás na Gaeltachta dá chlár caipitil agus chun tacú le comharchumainn Ghaeltachta, i gcomparáid leis an maoiniú caipitil a fógraíodh don eagraíocht i mBuiséad 2017.

Fógraíodh go mbeidh €687,000 curtha ar fáil do scéimeanna tacaíochta teanga na Roinne lasmuigh den Ghaeltacht.

Ag caint le Príomhfheidhmeannach an Údaráis faoin €400,000 breise dúirt sé “gur chéim sa treo ceart a bhí ann” agus go raibh sé “ag súil go gcuirfí tuilleadh le maoiniú an Údaráis don bhliain seo chugainn, mar a tharla le roinnt blianta anuas. 

Ó thaobh cúrsaí oideachais de, fógraíodh go gcuirfear €1 milliún ar fáil leis an bpolasaí don oideachas Gaeltachta a chur i bhfeidhm.

Agus tá €2 milliún ceadaithe ag an Roinn Cumarsáide do TG4 le Straitéis Dhigiteach 5 Bliana an stáisiúin a chur i bhfeidhm. Cuirfear €36 milliún ar fáil do TG4 i 2018.

Ach deir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, go léiríonn na figiúirí nach bhfuil ardú ar bith tagtha ar an mhaoiniú don Ghaeilge.

Tá ráiteas lorgtha ag Meon Eile ar an Roinn Airgeadais maidir leis an méid atá ráite ag Éamon Ó Cuív.

Tá caineadh déanta ag eagraíochtaí Gaeilge fosta ar a laghad airgid atá ar fáil don bhliain seo chugainn. 

Tá Conradh na Gaeilge anois ag lorg cruinnithe leis an Taoiseach - ardú €5.3 milliún a bhí á lorg ag Conradh na Gaeilge don Údarás agus d'Fhoras na Gaeilge.


Close
Close