Ár mbeacha dúchasacha i mbaol

Tá laghdú suntasach tágtha ar líon na mbeach ar fud an domhain le roinnt bliana anuas, ach cad é an tionchar a bheidh aige seo orainne agus cad chuige a bhfuil siad faoi bhagairt?  

De réir saineolaithe níl go leor beach fiáin fágtha chun pailniú a dhéanamh ar na plandaí as a dtagann roinnt mhaith dár mbia, rud atá ag dul go mór i bhfeidhm ar ár bhfeirmeoirí.

Daoine is cúis leis an laghdú ar líon na mbeach don chuid is mó mar gheall ar an truailliú timpeallachta agus feirmeoireacht thionsclaíoch a mhilleann na hacmhainní nádúrtha atá de dhíth ar na beacha.

Tá suim sa bheachaireacht ag méadú áfach, agus bhuail Meon Eile le beachaire páirtaimseartha chun cúram na mbeach a fhiosrú!

Close
Close