Aonach Mhacha ar na bacáin

Bhailigh scaifte taobh amuigh de sheanstáisiún dóiteáin Chathair Ard Mhacha an tseachtain seo caite agus an scéal á fhógairt go gcuirfear tús go luath le tógáil Aonach Mhacha ar an suíomh.

Tá an grúpa pobail sa cheantar, Cairde Teo, ag fanacht ar an dearbhú le thart ar ocht mbliana ach anois tá an t-airgead cinntithe agus na pleananna deartha agus beidh ionad úrnua Gaeilge ar an láthair i gceann bliana nó mar sin.

Foirgneamh trí urlár a bheas ann le siopa, caifé, halla do cheoilchoirmeacha agus oifigí d'eagraíochtaí.

Bhí Meon Eile i láthair leis an slua in Ard Mhacha ar lá na fógartha.

Close
Close