An mbeidh comharthaíocht dhátheangach i gcathair Ard Mhacha go luath?


D’éirigh le rún chun athrú polasaí a chur i bhfeidhm i gComhairle Chathair Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon maidir le comharthaíocht dhátheangach ar na mallaibh.

Moladh an rún go príobháideach idir comhairleoirí agus coistí áitiúla.

Ba é an ceathrú huair gur ritheadh an rún, agus d’éirigh leis an uair seo le tromlach caol - 19 i bhfách agus 18 i gcoinne.

Tá tréimhse agóide ann anois inar féidir dul i gcoinne an chinnidh ach má éiríonn leis an rún sa deireadh beidh sráideanna agus eastáit tithíochta áitiúla in ann iarratas ar chomharthaí Gaeilge agus Béarla a chur isteach chuig an chomhairle.

Tá pobal na Gaeilge i g Cathair Ard Mhacha ag dul ó neart go neart le deich bliana anuas, le borradh suntasach ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar na bunscoileanna Gaeilge mórthimpeall na cathrach.

Dúirt Séan Ó Maoilste ó Chairde Teo in Ard Mhacha go gcuirfeadh an chomharthaíocht go mór le feiceálacht agus normalú na teanga don aos óg atá ag fás aníos sa cheantar.

Tá ceangalais dhlíthúla ar an chomhairle maidir le comhionnanas agus cearta daonna nach bhfuil á gcomhlíonadh acu faoi láthair, ceanglais atá i bhfeidhm i mórchuid na gcomhairlí eile.

Chuir comhairleoirí áitiúla Shinn Féin fáilte roimh an pholasaí nua, polasaí a léireoidh, dar leo, meas don teanga agus a chuirfidh le muinín phobal na Gaeilge in Ard Mhacha.

Tá sé ráite ag comhairleoirí an DUP go mbeidh comhairle dhlí á fáil acu chun bac a chur ar an athrú atá molta.

Close
Close