Plé ar an ghéarchéim thithíochta

Ní féidir a shéanadh go bhfuil géarchéim na tithíochta ag dul in olcas fud fad na tíre agus nach mór beart níos láidre a dhéanamh chun dul i ngleic léi.

Ag tréimhsí éagsúla den bhliain seo caite bhí 10,000 duine i mBéal Feirste amháin gan dídean ceart. De réir taighde atá déanta ag Street Count, bíonn thart ar 16 dhuine ag codladh amuigh ar an tsráid i mBeál Feirste gach oíche agus suas le 128 i mBaile Átha Cliath. Tá na figiúirí seo scannalach agus tá siad ag meadú achan bhliain. 

Mar chuid den fhéile imeall-chultúir Liú Lúnasa i mbliana, eagraíodh imeacht ar leith i bhfoirgneamh Raidió Fáilte i mBéal Feirste a chaith spotsolas ar an fhadhb agus ar na cúiseanna taobh thiar di.

Rinne painéal cainte, faoi stiúir an iriseora Ailbhe Ó Monacháin, cíoradh ar cheist na tithíochta in Éirinn, phléigh siad na fadhbanna, cúiseanna agus iarmhairtí atá leis an ghéarchéim seo agus rinneadh réitigh a mholadh.

Nil aon amhras ach go bhfuil athrú mór riachtanach chun an fhadhb seo a réiteach agus bhí an painéal den bharúil go gcaithfidh na húdaráis i bhfad níos mó a dhéanamh chun an staid reatha a fheabhsú.

Labhair Meon Eile le Seán Mac Brádaigh (PPR – Participation and Practice of Rights), Síomha Ní Aonghusa (PBP – An Pobal Thar Bhrabús) agus Grian Ní Dhaimhín (Aontas na Mac Léinn, Ollscoil na Banríona) a bhí ar phainéal cainte na hoíche.

Le tuilleadh eolas a fháil faoi eagraíochtaí na gcainteoirí atán san fhíseán, nó mas rud é go bhfuil cuidiú nó comhairle de dhíth ort féin le fadhb thithíochta, féach na nascanna thíos:

Aontas na Mac Léinn, Ollscoil na Banríona

Participation and Practice of Rights

Pobal Thar Bhrabús

Homeless Advice

Close
Close