Cás an A5 faoi chaibidil san Ard-Chúirt

In 2007 fógraíodh go raibh sé beartaithe bóthar débhealaigh a thógáil idir Achadh na Cloiche i gContae Thír Eoghain agus Cathair Dhoire. Níl aon dul chun cinn déanta ó shin áfach agus tá frustrachas mór ar dhaoine, go háirithe ar mhuintir an cheantair a chaithfidh taisteal ar an bhóthar dainséarach atá ann faoi láthair achan lá.

Seoladh an feachtas ‘Stoptar an Bás ar an A5’ i mí Eanáir 2023 i ndiaidh do líon mór daoine bás a fháil ar an bhóthar. I mí Dheireadh Fómhair an bhliain chéanna, maraíodh fear óg, John Rafferty, a d’imir faoi aois leis an chontae agus lena chlub féin, Coill an Chlochair. Ag an phointe sin, dúirt ball an chumainn agus cathaoirleach an fheachtais, Niall McKenna, go raibh orthu rud éigin a dhéanamh chun stop a chur leis na básanna.

Tá 57 nduine i ndiaidh bás a fháil ar an bhóthar A5 ón bhliain 2007. Cailleadh cuid mhór daoine ar an bhóthar idir Dún Geanainn agus Baile Uí Dhálaigh thar na blianta agus rinneadh uasghrádú ar an bhóthar sin dá réir. Dar leis na staitisticí, tá laghdú 97% ar líon na mbásanna ar an bhóthar áirithe sin ó shin. Táthar anois ag iarraidh an dul chun cinn céanna a dhéanamh ar an A5. Ó rinne Meon Eile scéal faoin A5 siar i mí Iúil 2023, tá deichniúr eile i ndiaidh bás a fháil ar an bhóthar.

In ainneoin go bhfuil tacaíocht léirithe do phlean an débhealaigh ag an Roinn Bonneagair (DfI), an Roinn Talmhaíochta, Timpeallachta agus Gnóthaí Tuaithe (DAERA), an Rialtas ó thuaidh agus ó dheas, tá go fóill ceisteanna ar leith ann maidir leis an tionchar ar an timpeallacht. Tá grúpaí ar nós Friends of the Earth agus Alternative A5 Alliance imníoch faoi na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bheadh ann ón mhéadú ar an trácht trasteorann. Tá buaireamh ar úinéirí talún, feirmeoirí agus muintir na háite chomh maith faoina gcuid tailte. 

I mí an Mheithimh rialaíodh gur cheart deireadh a chur leis an uasghrádú ar an A5 ach tá achomharc i gcoinne an rialaithe sin ar siúl san Ard-Chúirt i mBéal Feirste agus táthar ag súil go ndéanfar cinneadh ina leith sa bhliain úr.

Bhí Meon Eile i láthair ag an Ard-Chúirt an tseachtain seo caite, áit ar labhair muid le gníomhaithe an fheachtais ‘Stoptar an Bás ar an A5’: Comhairleoir Shinn Féin do Dhoire agus An Srath Bán, Antaine Ó Fearghail, agus iarpheileadóir le Tír Eoghain, Mark Harte. Labhair muid fosta le Cathaoirleach an fheachtais, Niall McKenna.

Chuaigh Meon Eile i dteagmháil leis an Roinn Bonneagair le heolas a fháil ar cad é go díreach atá ar bun acu faoi láthair leis an phlean do dhébhealach an A5 a chur i bhfeidhm. Seo thíos an ráiteas a cuireadh ar fáil dúinn:

Dúirt urlabhraí ón Roinn Bonneagair:  “Tá an tAire go huile is go hiomlán tiomanta do chur chun cinn thionscadal suaitheanta an A5, Conair Iompair an Iarthair. Tá tábhacht straitéiseach ollmhór ag baint leis an A5 mar d’fhéadfadh sé dul i ngleic leis an éagothroime idir réigiúin, feabhas a chur ar an gheilleagar, agus pobail a nascadh lena chéile – ach thar rud ar bith eile, baineann sé le beatha daoine a shábháil. Is mór is trua leis na Aire agus an Roinn cás na dteaghlach a bhfuair daoine muinteartha leo bás. Déanfaidh muid gach ar féidir linn leis an A5 a chur chun cinn. Cionn is go bhfuil an éisteacht achomhairc ar siúl go fóill, ní thig linn aon ráiteas breise a thabhairt.”

Is féidir an feachtas ‘Stoptar an Bás ar an A5’ a leanúint ar Twitter nó ar Facebook.

Close
Close