An DUP ag iarraidh deireadh a chur le prótacal an Tuaiscirt

Tá imní mhór léirithe faoi shláinte agus sábháltacht na mball foirne a bhíonn ag seiceáil earraí áirithe ag Calafoirt Latharna agus Bhéal Feirste.

Cuireadh seiceálacha ar bhia ar ceal sna calafoirt an tseachtain seo caite de bharr imeaglú a rinneadh ar na hoibrithe i bhfoirm graifítí.

Tá go leor aontachtaithe i gcoinne na seiceálacha, atá leagtha síos mar chuid de phrótacal Thuaisceart Éireann.

Dé réir an phrótacail, atá i gConradh um Tharraingt Siar an Bhreatimeachta, caithfear seiceálacha a dhéanamh ar earraí áirithe a thagann isteach sa Tuaisceart ó Shasana, Albain agus an Bhreatain Bheag.

Dá bharr seo tá sé fógartha ag an DUP go bhfuil sé i gceist ag an pháirtí aontachtaithe a thabhairt le chéile le troid in aghaidh phrótacal Thuaisceart Éireann.

Is é an tAontas Eorpach ar dtús a tharraing Prótacal Thuaisceart Éireann isteach sa scéal san aighneas a bhí ar siúl idir iad féin agus AstraZeneca faoin soláthar vacsaíní don Aontas Eorpach.

De réir ceannaire an DUP, Arelene Foster, cuireann an prótacal teorainn trádála idir an Tuaisceart agus an Bhreatain.

Thar cionn an DUP, d’iarr sí ar Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson prótacal an Tuaiscirt a chur ar ceal.

Chomh maith leis seo cuireadh tús le hachainí a bhfuil breis agus 130,000 síniú curtha leis go dtí seo. Ciallaíonn seo go mbeidh cead é a phlé go mion i dTithe na Parlaiminte.

Agus é ag caint i dTeach na dTeachtaí in Westminster, dúirt Boris Johnson go mbeadh sé réidh leas a bhaint as Airteagal 16 den phrótacal chun brú a chur ar an Aontas Eorpach agus thug sé go dtí deireadh mhí an Mhárta mar spriocdháta le teacht ar réiteach an faidhbe.

Ó dheas dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha Rialtas na hÉireann, Simon Coveney, go bhfuil sé neamhréadúil ag daoine a bheith ag caint ar phrótacal an Tuaiscirt a chur ar ceal.

Mhaígh sé go bhfuil oibleagáid dlí ar Éirinn, ar an Ríocht Aontaithe agus ar an Aontas Eorpach de réir conradh idirnáisiúnta an prótacal a chur i bhfeidhm.

Tá Sinn Féin, an SDLP agus Alliance ar aon ghúth. Deir said go bhfuil gá leis an phrótacal le Comhaontú Aoine an Chéasta a chosaint.

Labhair Meon Eile leis an iriseoir Póilín Ní Chiaráin faoin mhéid atá i ndiaidh titim amach le seachtain anuas...

Close
Close