An chéad chruinniú ag Bord TG4 ó thuaidh

An chéad chruinniú ag Bord TG4 ó thuaidh

Den chéad uair ó bunaíodh an stáisiún, bhí cruinniú ag Bord TG4 sna Sé Chontae an tseachtain seo. Tháinig an Bord i gceann a chéile i gCultúrlann Mc Adam Ó Fiaich i mBéal Feirste Dé Luain.

I ndiaidh an chruinnithe stairiúil, labhair Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir, linn faoi réimse leathan ábhair, ina measc: an cruinniú féin, freastal TG4 ó thuaidh, an Ciste Craoltóireachta Gaeilge agus spriocanna na seirbhíse sna blianta amach anseo.

Agallamh le Pól Ó Gallchóir, Ardstiúrthóir TG4
Close
Close