An bhfuil Reifreann ar an 8ú leasú de dhith?

An bhfuil Reifreann ar an 8ú leasú de dhith?

Coicís ó shín i mBéal Feirste fuarthas bean óg naoi mbliana déag d’aois ciontach sa chúirt agus téarma príosún ar fionraí gearrtha uirthi as piollaí a thógáil chun ginmhilleadh a bheith aici.

Tá sé in aghaidh an dlí ó na 1860í nimh nó leighis a thógáil chun ginmhilleadh a spreagadh.

Rinneadh leasú mar an gcéanna ar Bhunreacht na hÉireann i 1983. Má chiontaítear thú as a mhacasamháil de choir thig téarma príosúntachta 14 bliana a ghearradh ort.

D’eagraigh an grúpa gníomhaíochta ROSA leirsiú ar shraideanna Bhaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine agus iad ag rá gur cheart achomharc a dhéanamh ar an ochtú leasú agus go bhfuil gá le reifreann ar an ábhar.

Seo a bhí le rá acu súid ag tacú le feachtas ROSA…

Bhfuil Reifrinn ar an 8ú leasú de dhith?

Thug muid deis don ghrúpa ‘Life Institute’ agallamh a dhéanamh linn nó ráiteas a thabhairt dúinn i scríbhínn. Ar an drochuair dúirt siad nach raibh duine ar bith ar fáil chun agallamh a dhéanamh nó raitéas a thabhairt. Tá súil againn píosa a dhéanamh leo amach anseo.

Close
Close