An mothaíonn daoine sábháilte ar na sráideanna?

Is minic go leor a bhíonn scéalta ar an nuacht faoi dhuine eile atá ar iarraidh nó gur ionsaíodh duine agus iad amuigh.

I measc na gcásanna is mó a bhí i mbéal an phobail le tamall tá scéal Noah Donohoe, gasúr óg as Tuaisceart Bhéal Feirste a bhfuarthas a chorp marbh ar an tsráid i mí an Mheithimh 2020. Agus ar ndóigh, ní ba luaithe an mhí seo dúnmharaíodh Ashling Murphy i gContae Uíbh Fhailí agus í amuigh ag rith le linn an lae.

Cad a shíleann an pobal faoin tsábháilteacht ar an sráideanna faoi láthair? An mothaíonn daoine ar a gcompord agus iad amuigh ina n-aonar? Labhair muid le beirt bhan óga as Béal Feirste faoin ábhar.

Close
Close