An gá athsmaoineamh a dhéanamh ar úsáid gléasanna cliste ar scoil?

An bhfuil athbhreithniú de dhíth ar úsáid gléasanna cliste ar scoil? 

Fógraíodh ar an mhí seo a chuaigh thart go bhfuiltear ar lorg tuairimí eagsúla ó thuismitheoirí, múinteoirí agus daltaí scoile fá dtaobh d’úsáid guthán cliste agus táibléad i scoileanna sna 26 chontae.

Dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton go n-aithníonn sé go bhfuil polasaithe ag formhór scoileanna i dtaca le húsáid na ngleasanna nua teicneolaíochta seo ar scoil ach go bhfuil athbhreithniú le déanamh orthu siúd agus go rachaidh an stát i mbun comharliúchán nua in éineacht le tuismitheoirí, múinteoirí agus daltaí scoile. 

Labhair Meon Eile le baill d’fhoireann Choláiste Feirste agus cuid de dhaltaí na scoile faoi úsáid na teicneolaíochta ar láthair s’acu féin agus faoi na buntaistí agus míbhuntaistí a bhaineann léi.

Close
Close