Agóid 'Éirí Amach i gcoinne an Díothaithe' i mBaile Átha Cliath

Beidh an ghluaiseacht Extinction Rebellion gnóthach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo ar fad agus iad ag léirsiú ar son na timpeallachta.

Ba mhaith leo aird an rialtais a dhíriú ar an athrú aeráide atá ag tarlú ar fud an domhain agus mar sin rinne roinnt acu beart a bhí níos dáiríre san agóid is déanaí. 

Chomh maith le sráideanna na cathrach a bhlocáil agus agóidí a dhéanamh, tá campa curtha ar bun ag an lucht eagraithe i gCearnóg Mhuirfean agus agóid shíochánta ar siúl acu. 

Chuaigh Meon Eile leis an scéal a fhiosrú i measc an tslua...

Close
Close