Agóid an phobail i gcoinne mianach óir sna Speiriní

Le beagnach bliain anois tá agóid ar bun ag pobal i dTír Eoghain in éadan pleananna atá ag ‘Dalradian Gold’, comhlacht mianadóireachta as Ceanada, mórionad próiseála a thógáil i gceantar an Chaisleáin Ghlais.

Bíonn ar a laghad duine amháin den lucht agóidíochta i gcónaí i gcarbhán an fheachtais atá curtha acu ar an talamh áitiúil atá faighte ag Dalradian.

Tugann siad an ‘Greencastle Peoples Office’ (GPO) ar an charbhán féin agus tá siad in ann fanacht ann mar gheall ar chearta suiteoirí.

Tá an grúpa ag feachtasaíocht ar mhaithe leis an áilleacht nádúrtha agus ar mhaithe leis an an phobal áitiúil a chosaint ar na contúirtí éagsúla a bhaineann le mianadóireacht den chineál atá beartaithe ag Dalradian.

Cé go bhfuil daoine ar buile fosta nach ndearnadh níos mó comhairliúchán poiblí faoin cheist, is cosúil go bhfuil na pleananna ag dul ar aghaidh in ainneoin na hagóide.

Agus ar a bharr sin, tá an Chomhairle áitiúil tar éis cead a thabhairt don chomhlacht mianadóireachta dealbh den Mhaighdeán Mhuire, a bhí lonnaithe ar sheancharraig aifrinn, a bhaint den suíomh gan comhairliúchán poiblí ar an bhunús nach raibh cead pleanála ann dó sa chéad dul síos, rud a chorraigh na feachtasóirí ní ba mhó. 

Ar na mallaibh, ghabh an PSNI duine de na hagóideoirí mar gheall ar an seasamh a ghlac sé in éadan tiomanaí leoraí a bhí ag caitheamh dramhaíl cheimiceach i ndíog ar thaobh an bhóthair. Scaoileadh an fear saor ó shin ach tá an eachtra i ndiaidh cur arís eile le himní agus le fearg an an ghnáthphobail sa cheantar.

D'iarr Meon Eile ar Chomhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí labhairt linn faoin ábhar ach i ráiteas a tháinig uathu dúradh “The Council has not considered the matter and is therefore not in a position to comment.”

Le tuilleadh eolais a fháil faoin fheachtas áitiúil téigh chuig https://www.facebook.com/SaveOurSperrins/

Close
Close