Agóid faoin Aire Stáit Gaeltachta gan líofacht sa Ghaeilge

Agóid faoin Aire Stáit Gaeltachta gan líofacht sa Ghaeilge

100 duine a bhailigh ag oifig na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i nGaoth Dobhair Dé hAoine seo caite lena gcuid míshástachta a léiriú faoi cheapachán Aire Stáit Gaeltachta nach bhfuil iomlán líofa sa Ghaeilge.

Dúirt an lucht eagraithe nárbh agóid phearsanta i gcoinne an Aire Stáit nuacheaptha, Joe McHugh, a bhí ann ach léirsiú i gcoinne neamhaird agus dímheas an Taoisigh ar an Ghaeilge agus ar phobal a labhartha.

Tá an tAire Gaeltachta nuacheaptha le tosú ar chúrsa foghlama in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille inniu.

Bhí Meon Eile i láthair ag agóide na hAoine seo caite…

Agoid ag Roinn na Gaeltachta

Rinne an tAire Stáit Joe Mc Hugh agallamh réamhthaifeadta le Barrscéalta an tSamhraidh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin seo caite. Is féidir éisteacht siar leis an agallamh trí chliceáil ar an nasc thíos.

Close
Close