60,000 duine ag ceiliúradh an ghrá ag Bród BÁC

I mbliana rinne breis agus 60,000 duine ceiliúradh ar an ghrá agus ar an méid atá bainte amach ag an phobal LADT+ i dtaobh cearta de, ag Bród Bhaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo caite.

Tháinig idir óg agus aosta le chéile chun páirt a ghlacadh sa pharáid. Bhí daoine ag damhsa agus ag ceol agus bhí bratacha bogha ceatha le feiceáil os cionn an Ardoifig an Phoist agus Teach Laighean den chéad uair riamh.

I mbliana ghlac CLG agus an Garda Síochána páirt sa mhórshiúl den chéad uair riamh fosta, agus bhí ionadaithe ón PSNI agus póilíní na Ríochta Aontaithe i gcuideachta an Gharda Síochána.

Bhí na mórpháirtithe polaitíochta uilig i láthair, mar aon le hionadaíocht leathan ón phobal i gcoitinne.

Ach léirigh cuid den phobal LADT+ a míshástacht ar an lá. Chruinnigh 150 duine ar Dhroichead Róise Haicéid le haghaidh 'Alternative Pride' agus iad den tuairim go bhfuil na comhlachtaí móra idirnáisiúnta i ndiaidh seilbh a ghlacadh ar an fhéile.

Ar leibhéal domhanda, cuireadh tús leis an mhórshiúl Bród, nó Pride, 50 bliain ó shin mar thoradh ar chíréibeanna Stonewall i Nua-Eabhrac in 1969.

Cuireadh tús leis an ghluaiseacht anseo in Éirinn nuair a maraíodh fear óg, Declan Flynn, i bPáirc Fhionnradhairc i mBaile Éatha Cliath in 1982 as siocair go raibh sé aerach. Ghlac 200 duine páirt i léirsiú an tráth sin.

Labhair ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill le roinnt daoine a bhí ag ceiliúradh ar an lá, an Taoiseach Leo Varadkar ina measc...

Close
Close