Léirsiú i gcoinne fheirm oisrí 99 acra i nGaeltacht Thír Chonaill

300 duine a ghlac páirt i mórshúil agóide in éadan fheirm oisrí 99 acra atá beartaithe don trá idir Rann na Feirste, an Bhráid agus an Charraig Fhinn i nGaeltacht Thír Chonaill.

Is scéal é seo a tháinig aniar aduaidh ar chuid mhór den phobal áitiúil agus iad ag rá nár cuireadh ar an eolas i gceart iad.

Cheadaigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ceithre cheadúnas don chomhlacht Celtic Kerber Teoranta agus do ghrúpaí eile le feirmeacha oisrí a fhorbairt, ar mhéid talaimh atá 700% níos mó ná an fheirm atá ann cheana féin.

Tá feirm oisrí sa cheantar seo le beagnach 20 bliain anuas.

Deirtear go raibh glacadh ag an phobal leis na forbairtí oisrí a tharla go dtí seo agus go raibh tuiscint idir na feirmeoirí agus an pobal go bhfanfadh na forbairtí ar scála nach raibh ró-mhór.

Tá trí aigneacht déanta anois ag Coiste Timpeallachta an Ghaoith in éadan na forbartha agus iad ag iarraidh go ndéanfaidh an tAire Micheal Creed athbhreithniú ar a chinneadh agus na ceadúnais seo a tharraingt siar.


Ní rud úr é seo. Tá imní ann i gcónaí faoi roinnt feirmeacha oisrí eile ar chósta Thír Chonaill agus an mhuintir áitiúil go fóill ag fanacht ar fhreagra cruinn ón Aire Michael Creed fúthu.

Agus scrúdú déanta ar na ceadúnais éagsúla tá sé soiléir go bhfuil an suíomh T12/419 suite taobh istigh de Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta, nach bhfuil ainmnithe féin mar ‘Láthair Sainithe Shligéisc’

De réir rialacháin ón Eoraip ní gá scrúdú a dhéanamh ar chaighdeán an uisce seo atá taobh amuigh de ‘Láthair Sainithe Shligéisc’.

Ciallaíonn sé seo go mbeidh ábhar bia á easpórtáil ó Thrá na Bráda chun na hEorpa gan scrúdú. 

Measann Coiste Timpeallachta an Ghaoith go bhfuil seo go hiomlán mídhleathach agus in aghaidh rialacháin na hEorpa féin.Cé go bhfuil an suíomh seo taobh istigh de Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta, atá taobh amuigh de ‘Láthair Sainithe Shligéisc’, ní raibh measúnacht tionchair timpeallachta de dhíth mar chuid den próiseas ceadúnúcháin.

"The Minister for Agriculture, Food and the Marine has determined that it s in the public interest to grand the Aquaculture and Foreshor Licences sought. A separate Aquaculture/Foreshore licence will issue for each site in accordance with standard practice. In making his determination the Minister considered those matters which by virtue of the Fisheries (Amendment) Act 1997, and other relevant legislation, he was required to regard, Such matter include any submission and observations received in accordance with statuary provisions" 

"The application, while outside the Gweedore- Carrickfinn designated shellfish waters, is approximately 0.5km from the official sampling point which currently holds a 'B' classification. There is no indication of water quality issues in the vicinity of the proposed shellfish production area"

Ó rinneadh an scannánaíocht ag an deireadh seachtaine, cuireadh muid ar an eolas go bhfuil forbairt á déanamh ar na feirmeacha ó bhí inné ann, agus go bhfuil líon na dtristéal ag dul i méid.

Rinne muid teagmháil leis na 4 shealbhóir ceadúnais inné ach tá muid go fóill ag fanacht ar fhreagra uathu.

Close
Close