£30m ar fhorbairt na Ceathrún Gaeltachta

£30m ar fhorbairt na Ceathrún Gaeltachta

Tá Forbairt Feirste ag súil go mbeidh beagnach £30 milliún caite ar infheistíocht chaipitil sa Cheathrú Gaeltachta i mBéal Feirste roimh 2018.

“Tá £21 milliún den méid sin idir thairiscint agus thógáil faoi láthair,” arsa stiúrthóir Forbairt Feirste, Jake Mac Siacais.

Cúig thioscnamh capitil atá faoi sheol nó réidh le tosú: ionaid spóirt, Áras na bhFál, foirgneamh Raidió Fáilte, foirgneamh nua do Choláiste Feirste agus Ionad Liathróid Láimhe. Tá Forbairt Feirste ag súil go mbeidh trí thioscnaimh mhóra eile faoi sheoil faoi 2018.

Tá borradh na tógála tagtha sna sála ar bhás an athghiniúnaí uirbigh Clive Dutton a thug faoi mhórphlean na Ceathrún Gaeltachta i 2013.

Forbairt na Ceathrún Gaeltachta
Close
Close