25 Bliain ar aghaidh ó Chomhaontú Aoine an Chéasta

Síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta ar an 10ú Aibrean 1998. Dul chun cinn suntasach a bhí ann ag an am a chuir deireadh le foréigean na dTrioblóidí agus a chuir bonn faoin Phróiseas Síochána i dTuaisceart na hÉireann.

I mbliana, tá an Comhaontú i mbéal an phobail, go háirithe an mhí seo agus é anois 25 bliana ar aghaidh ón lá stairiúil féin.

Leis an ócáid seo a chomóradh, bhí a lán imeachtaí ar siúl ar fud an Tuaiscirt; bhí Joe Biden, Uachtarán na Stát Aontaithe, ar cuairt go hÉirinn ar na mallaibh agus ar a bharr sin bhí comhdháil ollmhór ar siúl in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste.

Bhí Bill agus Hillary Clinton i lár na gcainteanna seo chomh maith le go leor daoine mór le rá eile ó gach cearn den domhan a tháinig go Béal Feirste le freastal ar an chomhdháil agus le plé a dhéanamh ar chúrsaí polaitíochta an Tuaiscirt inniu.

Labhair Meon Eile leis an Dr. Fearghal Mac Bhloscaidh agus leis an Dr. Ian Malcolm faoin tréimhse sular tháinig Comhaontú Aoine an Chéasta i bhfeidhm agus faoi na tuairimí atá acu faoin Chomhaontú é féin. Labhair muid fosta le Lúsaí Ní Mhearráin, a rugadh i ndiaidh an Chomhaontaithe faoin dearcadh a bhíonn ag glúin s’aici ar an tsochaí ina bhfuil muid inniu agus faoin chinéal sochaí ba mhaith léi a fheiceáil amach anseo agus muid 25 bliaina i ndiaidh thréimhse na coimhlinte.

Close
Close