An tragóid Ghréagach 'Medea' trí mheán na Gaeilge

Is tragóid ársa Ghréagach é ‘Medea’ a scríobh an drámadóir clúiteach Eoiripidéas sa bhliain 431 RCh.

Tá an dráma bunaithe ar mhiotas faoi Medea, iar-bhanríon ar an ríocht Coilcís, agus a fear céile Iasón. Nuair a thréigeann Iasón Medea le dul le banríon óg eile, téann an scéal in olcas agus Medea go mór in éad léi agus náirithe os comhair an phobail.

Aistrithe go Gaeilge ag Prin Duignan agus léirithe ag an chompántas Splódar, beith Medea ag dul ar camchuairt timpeall na tíre (féach na dátaí thíos). 

Beidh Tara Breathnach sa phríomhról agus is é Lochlann Ó Mearáin a bheidh i ról Iasóin.

25 Deireadh Fómhair - An Taibhdhearc, Gaillimh

26 Deireadh Fómhair - The Glens Centre, Cluainín

27 Deireadh Fómhair - Amharclann Ghaoth Dobhair

6 Samhain - An Chultúrlann, Béal Feirste

8 Samhain - The Factory Performance Space, Sligeach 

Tuilleadh eolais ar https://splodar.ie

Close
Close