‘Tearmann Eriú’ oscailte go hoifigiúil

Osclaíodh Tearmann Eriú’ ar na mallaibh ag Gael-Ionad Mhic Goill in Iarthar Bhéal Feirste. Is tearmann dúlra idirghníomhach é atá suite taobh leis an ionad agus ina mbeidh teaghlaigh agus páistí in ann a bheith ag súgradh agus ag foghlaim amuigh faoin aer.

Leis an tearmann a sheoladh, bhí ‘Slí na Sí’ ar siúl le Gráinne Holland agus Tuatha Dé Danann, agus cuireadh amhráin nua le Gráinne i láthair a chum sí don ócáid. Dúirt Gráinne gur dóigh iontach í miotaseolaíocht na hÉireann le grá don dúlra a chothú i ndaoine óga. 

Labhair Meon Eile le Nuala Ní Scolláin ó Ghlór na Móna a dinis inn faoin obair chrua a chuir achan duine isteach - idir dhaoine óga ó Shós na nÓg, an pobal áitiúil agus roinnt iarchéimithe ó Scoil Ghnó Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste, a thug maoiniú don togra comh maith.

Is é Seán Mac Bradaigh ó Ghairdín an Phobail a bhí ag stiúradh na hoibre agus labhair sé faoin difear suntasach atá le feiceáil san áit, ó láithreán tréigthe go dtí tearmann galánta sábháilte don phobal uilig. Mhol sé fosta an tacaíocht fhorleathan a fuair siad ó dhaoine aonair agus ó ghnónna áitiúla.

Siar i mí Mheán Fómhair na bliana seo, thug Meon Eile cuairt ar ar tearmann ag tús na tógála. Thig leat an píosa sin agus an fhorbairt atá déanta a fheiceáil anseo!

Close
Close