Súil ar Fhleadh Uladh 2022 le Eugene McKenna

Bhí Fleadh Uladh 2022 ar siúl ar an Droim Mór i gContae Thír Eoghain an deireadh seachtaine seo caite agus bhuail Meon Eile le Eugene McKenna lena fháil amach cad é mar a d'éirigh leis ag an fhéile cheoil thráidisiúnta is mó sa Chúige.

Tháinig na daoine ina sluaite chuig an chéad bhliain d'Fhleadh Uladh i ndiaidh na pandéime, le timpeall 25,000 cuairteoir sa bhaile de réir eagraitheoirí na féile. 

Bhí idir chomórtais, cheolchoirmeacha agus imeachtaí teaghlaigh ar siúl ag an Fleadh, chomh maith le neart seisiúin cheoil ag titim amach fud fad an bhaile.

Labhair Eugene McKenna, duine nach stráinséir ar bith é ag an Fleadh, faoin tábhacht a bhaineann leis an fhéile, chomh háirithe don aos óg. 

Luaigh sé an cairdeas a chruthaítear agus an tionchar a bhíonn ag na caidrimh seo ar cheoltóirí óga agus iad ag tús a n-aistir ceoil.

Beidh Fleadh Ceoil na hÉireann ar siúl ar an Mhuileann gCearr ar an tseachtain seo chugainn idir an 31 Iúil agus 7 Lúnasa. Tá tuilleadh eolais le fáil faoi anseo.

Close
Close