Stiúideo Cuan: ‘An Cosán Draíochta’ le Johnny Óg Connolly

Le linn na tréimhse dianghlasála, bhronn Stiúideo Cuan coimisún ar an mbocsadóir clúiteach as Connamara, Johnny Óg Connolly, chun saothar nua ceoil a chumadh in ómós agus i gcuimhe ar a athair, Johnny Pháraic Phíotair.

Tá an seó, dar teideal ‘An Cosán Draíochta ’ar chamchuairt náisiúnta faoi láthair agus ba é Cultúrlann McAdam Ó Fiaich an tríú stop ar an turas Dé hAoine seo caite. Bhí lúcháir ar Meon Eile freastal ar an ócáid speisialta spreagúil seo agus a bheith i measc daoine a bhfuil an oiread buanna nádúrtha iontach acu. Bhí atmaisféar álainn ann san amharclann agus bhíothas ag dréim go mór leis an seó.

Is ealaíontóir ar leith é Johnny Óg atá abálta smaoineamh ar thréimhse thar a bheith deacair ina saol, is é sin bás a Dheaide, agus an meascán chuimhní a thagann aníos agus é ag smaoineamh go domhain air. Is saothar álainn pearsanta atá cruthaithe aige agus cuireann sé i láthair é ar bhealach muiníneach oscailte.

Tuigeann Johnny Óg nach scéal s’aige amháin atá á roinnt aige ach go bhfuil sé ag ceol faoi choinne na mílte daoine eile a chaill duine cóngarach leo. Bhí an meas idir é féin, na healaíontóirí eile ar an stáitse agus an lucht féachana le feiceáil go soiléir. Is teanga choiteann é an ceol agus is mothúchán coiteann é an chumha.

Bhí scéalaíocht le cloistéail i ngach píosa ceoil, amhrán, dán agus rince sa seó uair go leith seo agus tugadh an lucht féachana ar aistear pearsanta agus machnamhach bunaithe ar thréimhsí suntasachacha éagsúla i saol athair s’aige. Bhí ceoltóirí agus ealaíontóirí den scoth i gcuideachta Johnny Óig, agus ba iad sin Clíodhna Ní Choisdealbha (bainseó), Ciara Ní Bhriain (fidil), Pádraig Ó Dubhghaill (giotár), Jim Higgins (cnaguirlisí & pianó), Seosamh Ó Neachtain (damhsa) agus an t-amhránaí Áine Ní Dhroighneáin.

Tá ‘An Cosán Draíochta’ á léiriú ag Darach Mac Con Iomaire, stiúrthóir cruthaitheach Stiúideo Cuan, fear a bhfuil aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte amach aige. Críochnóidh an chamchuairt i nGaoth Dobhair i mí na Samhna ach idir an dá linn thig leat cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil faoi na ceolchoirmeacha eile atá le teacht. 

Close
Close