Seoladh an leabhair ‘Imram agus scéalta eile’ le Róise Ní Bhaoill

Seoladh leabhar nua leis an scríbhneoir aitheanta, Róise Ní Bhaoill, i gCultúrlann McAdam Ó Fiach ar na mallaibh.

Is é '‘Imram agus scéalta eile’ an chéad bhailiúchan gearrscéalta atá curtha amach aici agus is mór an éagsúlacht atá le fáil sa leabhar.

Is le hábhar nach bpléitear go rómhinic sa Ghaeilge a bhaineann cuid de na scéalta – an néaltrú agus cúrsaí ban, i measc ábhair eile.

Labhair Meon Eile le Róise faoi na gearrscéalta agus faoin phróiséas scríbhneoireachta a bhí aici agus í i mbun an bhailiúcháin. Labhair muid fosta le Seán Ó Muireagáin, a sheol ‘Imram agus scéalta eile’, faoin difríocht atá ann idir an leabhar seo agus litríocht eile atá ann sa Ghaeilge inniu.

Close
Close