Seoladh Fhéile na Carraige 2018

Tá Féile na Carraige ar siúl arís in iarthar na cathrach le neart imeachtaí beartaithe ag muintir Ghlór na Móna.

Ar ndóigh beidh ceol agus cuideachta ann, mar aon le scannáin, plé, polaitíocht, spórt agus go leor ócáidí eile d'óg agus aosta.

Tá trí bhunphrionsabal ag Féile na Carraige - mar atá Páirteachas, Polaitíocht agus Pobal - agus tá na téamaí seo le mothú ar fud chlár na féile.

Bhí Meon Eile i láthair ag seoladh na féile Dé Luain, áit ar labhair muid le Gerry Adams, a d’oscail an fhéile go hoifigúil, le Bronagh Fusco, a chuir an clár le chéile, agus le Jessica Ní Choise, a chan amhrán galánta don lucht féachana.

Beidh Féile na Carraige ar siúl as seo go dtí Dé Domhnaigh an 7 Samhain.

Thig leat níos mó eolais agus an clár imeachtaí a íoslódáil ón nasc thíos:

https://www.glornamona.com/ginearalta/ta-chlar-fheile-na-carraige-2018-beo/

Close
Close