Seoladh Fhéile an Earraigh 2019

Rinneadh Féile an Earraigh a sheoladh go hoifigiúil sa Chultúrlann i mBéal Feirste le déanaí.

Féile de chuid Fhéile an Phobail í an fhéile seo ina gcuirtear béim ar léith ar an chultúr Gaelach agus ar an teanga dhúchais le himeachtaí ar nós seisiúin ceoil thraidisiúnta, coirmeacha ceoil, siúlóidí treoirithe, cainteanna, díospaireachtaí, drámaí, taispeantais ealaíne, imeachtaí liteartha, imeachtaí spóirt don aos óg chomh maith le himeachtaí teaghlaigh.   

I measc na n-ócáidí is suntasaí beidh an Trad Trail ina mbíonn ceoltóirí tradisiúnta ag seinm ag suíomhanna mórthimpeall iarthar Bhéal Feirste sa tseachtain roimh Lá Fhéile Pádraig agus ar an lá féin.

Dé Domhnaigh 10ú Márta, beidh ceolchoirm mhór i Mainistir Chluain Ard ag a mbeidh Barry Kerr, Pauline Scanlon agus Seán Óg ó Beoga ag seinm,. Níl ach £10 ar na ticéidí agus molta duit do cheannsa a fháil go luath mar go ndíoltar an ghig seo amach gach bliain.

Beidh Féile an Earraigh ar siúl idir an 1ú agus an 18ú Márta - tuilleadh eolais ar http://feilebelfast.com 

Close
Close