Tá Fleadh Cheoil na hÉireann tagtha go Béal Feirste den chéad uair riamh agus seachtain speisialta spraíúil geallta.
Ó cheolchoirmeacha saor in aisce ag Halla na Cathrach, réimse leathan imeachtaí Gaeilge in ionad ealaíon an MAC, spásanna le haghaidh seisiúin cheoil timpeall na cathrach, imeachtaí Fleadh Fringe, comórtais na Fleidhe ag Ollscoil Uladh, an MAC agus an Waterfront, mar aon le neart eile, beidh imeacht fóirsteanach ann d’achan uile dhuine.
I mbliana, tá Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag déanamh ceiliúradh ar chloch mhíle stairiúil. Tá an t-eagras, agus Fleadh Cheoil na hÉireann, 75 bliana ar an fhód agus ag dul ó neart go neart ó bunaíodh é in 1951. Tá oidhreacht shaibhir cothaithe ag an eagraíocht agus ag an Fhleadh thar na blianta, a chuireann béim i gcónaí ar an chultúr, cuideachta agus ceol atá le fáil sa tír, agus ar an fháilte a bhaineann leis sin.
D’fhreastail Meon Eile ar shearmanas oscailte na Fleidhe inné ag Halla na Cathrach. Chuir an ócáid seo tús leis an tsraith Gig Rig fosta agus bhí na sluaite bailithe le chéile timpeall na háite.
Bhí scoth na gcainteoirí agus ceoltóirí ar stáitse as gach cearn den tír agus an deis ag roinnt polaiteoirí agus ionadaithe eile óráid a thabhairt ar an lá stairiúil. Ina measc bhí Uachtáran na hÉireann Catherine Connolly, Ardmhéara Bhéal Feirste Róis-Máire Donnelly, an Chéad-Aire Michelle O’Neill agus an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly.
Bhí an Blackwater Céilí Band, Hothouse Flowers (a thug cuireadh don damhsóir Tura Arutura teacht ar ardán leo), Goitse, an Shaer, Moss agus Warnock Trio, agus Sharon Shannon uilig ar stáitse.
Labhair Meon Eile le hOifigeach Caidrimh Phoiblí de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Pádraig Ó Flannagáin, le Fiachna Ó Braonáin ó na Hothouse Flowers, leis an Ardmhéara Róis-Máire Donnelly agus leis an cheoltóir Jack Warnock.

