Bhí an ceoltóir clúiteach as Corcaigh, John Spillane, ar ais i dTuaisceart Bhéal Feirste Dé Sathairn agus é ag seinm in Ionad Ealaíon an Duncairn mar chuid den Fleadh Community Fringe.
Ag tacú leis ar an oíche, bhí an ceoltóir tíre as Contae Chiarraí, Lorraine Nash.
Oíche ghalánta a bhí ann agus bhí deis ag Meon Eile labhairt leis an bheirt cheoltóirí.
Is féidir cuairt a thabhairt ar shuíomh an Duncairn anseo le heolas a fháil faoi na gigeanna go léir atá le teacht.
Beidh neart imeachtaí eile ar siúl timpeall Bhéal Feirste idir anois agus an 23 Lúnasa mar chuid de chlár imill Fhleadh Cheoil na hÉireann. Is féidir na himeachtaí ar fad a fheiceáil anseo.
