Scoláireacht Fulbright 2020

Le níos mó na seachtó bliain anuas, tá an Coimisiún Fulbright ag cothú dea-mhéin idir tíortha éagsúla trí mheán an oideachais. Labhair Meon Eile le Caolán Ó Coisneacháin as Béal Feirste atá ag obair mar theagascóir Gaeilge i Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi láthair agus é ar scoláireacht Fulbright.

Tá Caolán lonnaithe in North Carolina ag Davidson County Community College agus an ról atá aige mar FLTA (Foreign Language Teaching Assistant) ná an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá teagascóirí eile ag obair go crua fud fad SAM chun teanga, cultúr agus stair na hÉireann a chothú ar champas.

Dar ndóigh tá an-tionchar go deo ag an phandéim ar chúrsaí sna Stáit Aontaithe ach mothaíonn Caolán dearfach go mbeidh an deis aige níos mó taistil a dhéanamh i Méiriceá sa bhliain úr.

Is féidir níos mó eolais faoin Scoláireacht Fulbright a aimsiú anseo.

Close
Close