Scoil Samhraidh Shéamuis Uí Néill

Reáchtáladh Scoil Samhraidh Shéamuis Uí Néill i gCaisleán Uidhilín, Contae an Dúin, an deireadh seachtaine seo caite.

Ba scríbhneoir cumasach é Séamus (1910-1981) a chum idir fhilíocht, dhrámaí, úrscéalta agus phrós.

Ní raibh eagla air scagadh a dhéanamh ar chúrsaí staire, ar chúrsaí polaitíochta ná ach go háirithe ar chúrsaí an tuaiscirt.

Tá a dhán ‘Subh Milis’ ar shiollabas an Teastais Sóisearaigh leis na blianta.

Seo chugaibh físeán ón Satharn faoi shaol agus faoi shaothar an údair.

Scoil Samhraidh Shéamuis Uí Néill
Close
Close